Der Laptop

CEACHT UMHLAÍOCHTA atá ann teanga a fhoghlaim

CEACHT UMHLAÍOCHTA atá ann teanga a fhoghlaim. Cuireann sé i gcuimhne duit nach go réidh a thagann teanga chugat i gcónaí; nach go réidh a thagann teanga chuig gach duine, tusa atá ar do chompord leis an teanga seo, le díochlaontaí, briathra neamhrialta agus eile. Agus cuireann sé i gcuimhne duit go n-athraíonn teanga dá deoin nó dá hainneoin.

Leanann an cúrsa Gearmáinise ar aghaidh. Tugann an teagascóir obair bhaile dom agus seo mé ag tarraingt foclóirí Gearmáinise anuas den tseilf arís.

Tá agam le sliocht a aistriú ó Bhéarla go Gearmáinis. Thiocfadh liom bheith ar ais ar scoil arís; ní athraíonn an cuardach i bhfoclóir mórán agus is fearr liom an leabhar i gcló ná dul ar líne.

Tá mo mhéar ar an leathanach arís agus mé ar lorg an fhocail ar “laptop”. Agus seo é. Der Laptop. Nein? Ja! Der Laptop. Agus Der Computer.

READ MORE

Cad é a tharla? I ndáiríre, ní labhrann tú teanga ar feadh cúpla bliain agus tosaíonn siad uilig a chaint Béarla? Cad é a d’éirigh do na focail mhóra fhada chasta ilsiollacha a d’fhoghlaim mé i m’óige?

Tá an Ghearmáinis ag athrú agus á hathrú. Tá lucht a labhartha ag iomrascáil leis an ghinideach – oiread chéanna leis an Ghaeilge – agus tá an Béarla sna sála uirthi – oiread chéanna leis an Ghaeilge.

Ach tá muid níos Gearmánaí ná na Gearmánaigh, is cosúil, agus cumann muid focail dhúchasacha. “Ríomhaire glúine” agus “ríomhaire” atá againn; i bhfad uainn “an laptop” agus “an computer”. Ní ghéilleann lucht na Gaeilge! Go fóill beag ar aon nós.