Dinny Lacha

AGUS É ag freagairt ceisteanna sa Dáil an tseachtain seo caite, shéan Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, líomhaintí Pheadair…

AGUS É ag freagairt ceisteanna sa Dáil an tseachtain seo caite, shéan Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, líomhaintí Pheadair Thóibín (SF) go raibh an Rialtas ag tarraingt na gcos maidir le feidhm a thabhairt don straitéis 20 bliain don Ghaeilge, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

“B’fhéidir nach bhfeiceann an Teachta é go léir. Tá sé cosúil le iceberg – ní fheicimid ach an pointe a ghobann amach ón uisce, ach tá go leor de faoin uisce,” a dúirt McGinley.

Is minic sochtheangeolaithe cloiste againn ag déanamh imní faoin dul chun cinn atá á dhéanamh ag an Rialtas maidir le feidhmiú na straitéise, ach b’fhéidir gur ag éisteacht leis na saineolaithe mícheart atáimid. Seans gur chóir dúinn fios a chur ar mhuireolaí nó oigheareolaí an chéad uair eile go mbeimid buartha faoin teanga a bheith ag dul go tóin poill?

Nó ar chóir?

READ MORE

D’athraigh McGinley cúrsa ina dhiaidh sin agus tharraing meafar ní ba neamhurchóidí ná meafar an chnoc oighir chuige féin chun Tóibín a chur ar a shuaimhneas.

“B’fhéidir go bhfuil sé cosúil le lacha – tarlaíonn níos mó faoin uisce ná mar a bhíonn le feiceáil os cionn an uisce. Is fíor é sin a rá chomh fada agus a bhaineann sé leis an Roinn agus le straitéis na Gaeilge,” a dúirt McGinley

B’fhéidir mar sin gurb éaneolaí seachas oigheareolaí is fearr a thabharfadh tuiscint dúinn ar an obair dhiamhair atá ar siúl maidir le cur i gcrích phlean an Stáit don teanga?

Pé acu é, bhí galar na meafar tolgtha ag Peadar Tóibín ó Dhinny Lacha faoin am seo. “Cheap mé go raibh an tAire Stáit níos cosúla le heala ná lacha, ó thaobh an méid oibre atá á dhéanamh aige faoin uisce,” arsa fear Shinn Féin.

Níor baineadh cleite as McGinley, áfach, agus thug le fios go raibh plean forfheidhmithe trí bliana á ullmhú ag a Roinn a thógfadh ar an bplean forfheidhmithe do 2011 a foilsíodh anuraidh.