Díospóireacht uachtaránachta TG4 ina hábhar díospóireachta

NÍOR ÉIRIGH le Mervyn Storey de chuid an Democratic Unionist Party (DUP) a áthas faoi dhíospóireacht na huachtaránachta ar TG4…

NÍOR ÉIRIGH le Mervyn Storey de chuid an Democratic Unionist Party (DUP) a áthas faoi dhíospóireacht na huachtaránachta ar TG4 a cheilt agus é ag caint i dTionól Thuaisceart Éireann an lá eile.

Thapaigh fear Bhaile Monaidh an deis spochadh as Sinn Féin faoi easpa Gaeilge seisear as seachtar de na hiarrthóirí sa rás don Áras. Bhain Storey sult go háirithe as easpa líofachta an Leas-Chéad Aire – Martin McGuinness (SF) – atá ar saoire toghchánaíochta ar an taobh theas den Teorainn faoi láthair.

Ní bheidh bainistíocht TG4 róbhuartha go raibh ball den DUP den tuairim gur chúis mhagaidh a bhí sa chlár dátheangach a chraol siad an tseachtain seo caite, clár a cheap an stáisiún le freastal ar na hiarrthóirí nach raibh ach teanga amháin acu dáiríre.

Ach ní ina aonar a bhí Storey. Cheap léirmheastóir teilifíse an nuachtáin seo go raibh an cur chuige “daft”. “Bizarre” an breithiúnas a thug Pat Kenny ar an díospóireacht ar a chlár raidió maidine ar RTÉ.

READ MORE

“Twisted” a dúirt nuachtán eile nach mbeadh cáil air tacaíocht a thabhairt do TG4 ná don teanga.

Níos deise do Bhaile na hAbhann bhí an lucht anailíse ar Iris Aniarar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar aon intinn go raibh TG4 imithe thar fóir an uair seo.

Bhí an gníomhaí teanga aitheanta, Donncha Ó hÉallaithe, imníoch gur léiriú eile a bhí sa díospóireacht ar an chúlú a bhí déanta ag TG4 ón fhealsúnacht as ar fáisceadh an craoltóir Gaeilge.

Dúirt sé gur “bhris sé a chroí” a bheith ag amharc ar an díospóireacht inar labhair seisear de na rannpháirtithe Béarla i ndiaidh na bpíosaí le ceamara ag tús an chláir.

Thacaigh cuid mhaith de lucht éisteachta Iris Aniar a rinne teagmháil leis an chlár leis an tuairim go raibh TG4 imithe ar strae óna ndualgas teanga.

Ní raibh fadhb ag aon duine le caighdeán an léirithe agus na díospóireachta ach bhíothas in amhras faoin fhormáid dátheangach féin.

Chosain leas-cheannasaí TG4, Pádhraic Ó Ciardha, an cinneadh díospóireacht a chraoladh ina raibh an Béarla go mór in uachtar de bharr easpa líofachta na rannpháirtithe.

Ghlac Ó Ciardha leis gur cinneadh “tromchúiseach” a bhí ann ach dúirt sé go raibh an clár ag luí le dualgais TG4 mar sheirbhís chraoltóireachta phoiblí agus gur thug an díospóireacht léargas nua don phobal ar na hiarrthóirí. Shéan sé gur “fasach” a bhí sa chlár do chláir eile amach anseo.

Chaith cuid mhaith de na comhfhreagraithe polaitiúla leis an díospóireacht amhail is gur scrúdú Gaeilge a bhí ann agus thugadar an bua do Michael D. Higgins, an t-aon iarrthóir a raibh líofacht sa teanga aige.

Thug na tráchtairí ní ba ghéarchúisí faoi ndeara, áfach, go raibh an chuma ar an scéal nár chun leas fhear Pháirtí an Lucht Oibre a bhí a chuid Gaeilge.

Ba ag na Béarlóirí a labhair Béarla leis na Béarlóirí sa bhaile a bhí an buntáiste cumarsáide dáiríre.

“Jumping the shark” a thugtar i saol na teilifíse ar chlár a théann chomh mór sin ar strae go gcailleann sé bua na hinchreidteachta go deo. Tagann an téarma ó chlár sa tsraith cháiliúil Happy Days inar léim an Fonz thar siorc ar chlár surfála.

Ní bheadh sé cothrom a rá gur léim an caineál Gaeilge an siorc i bhfianaise dhíospóireacht uachtaránachta amháin, ach is cinnte go bhfuil TG4 ag snámh in uisce suaite, contúirteach.