Dom fháisceadh idir dhá bhró mhuileann

CROBHINGE: Ná déantar dearmad gur ceist dhomhanda í an ginmhilleadh, writes ALAN TITLEY

CROBHINGE:Ná déantar dearmad gur ceist dhomhanda í an ginmhilleadh, writes ALAN TITLEY

Uaireanta braithim go bhfuilim dom fháisceadh idir dhá bhró mhuileann. Insint amháin í sin ar a bhfuil ar siúl san díospóireacht shíoraí seo timpeall ar an nginmhilleadh. Nó lena rá ar shlí eile, go bhfuilim dom shatailt faoi chrúba dhá thréad.

Go lom is go díreach braithim gur cuma le mórán daoine san allagar faoi bheatha na máthar nó faoi bheatha an linbh sa bhroinn. Níl drochrún á chur i leith gach duine agam, gan amhras, ach is ar is deimhnitheach mé gur mó is cás le formhór na bpáirtithe an t-aighneas idé-eolaíochta ná an cás pearsanta.

Is deacair é seo a chruthú ach an oiread le haon rud eile a tharlaíonn laistigh den bhlaosc mhór sin againn, ach bíodh mar shamhlaoid áirithe againn a dtarlaíonn sa Bhreatain. Luaim an tír úd, mar is anoir chugainn in ainneoin ár ndíchill a thagann gaotha an fhaisin arb iad is mó a stiúraíonn an meon bocht abhus. Ansiúd thall déantar iarracht ó am go chéile ar leasú a dhéanamh ar dhlí ginmhillte 1967. De ghnáth is iarracht í ar fhad nó ar ghiorracht coicíse a chur leis an tréimhse sa toircheas ina bhfuil an ginmhilleadh ceadaithe.

READ MORE

Is é is uafásaí ná go n-éiríonn na gaotha ceanann céanna, go gcorraítear uisce an phobail chomh binbeach gránna céanna, go mbíonn an fhíoch cainte chomh domhaite, chomh neamhréasúnta céanna leis an díospóireacht abhus a bhfuil i bhfad Éireann agus beatha ag crochadh air, adéarfá. Mar sin ditto ar ais agus timpeall arís i ngach aon tír ina músclaítear an cheist seo, sa tslí dhuit gur dhóigh leat gur rud eile ar fad atá sa treis seachas an duine aonair seo ná an duine aonair siúd.

Aighneas idé-eolaíochta é seo eatarthu siúd gur beag leo beatha na máthar suas is anuas le beatha an linbh sa bhroinn, in aghaidh treibhe eile gur cuma leo beatha an linbh sa bhroinn suas is anuas le rogha na mná an rud is mian léi i gcás ar bith a dhéanamh. Ní mian le daoine é a chur chomh lom sin, ach sin agat é.

Táim admhálach ann gur saghas caracatúir é seo, i bhfoirm, ach nuair a scumhann tú anuas cuid mhór den phlástar pléideála is dealbh a bheag nó a mhór mar sin a nochtar. Ní ar na foircinn sin a tharlaíonn an díospóireacht, áfach. Tá na daoine ar na himill sin breá sásta go dtarlódh an chaint go léir máguaird ar an scrobarnach, san raingléis eisceachtúil sin nach iad príomhfhearann an ghinmhillte in aon chor iad.

Caithfear reachtaíocht a chur i bhfeidhm, ba dhóigh leat go mbeadh sin chomh gátarach leis an ngrian ar maidin. Ach is í an reachtaíocht sin an scairp sa scrobarnach, an easconn nimhe sa linn dubh i lár an fhásra. An túisce is a dhéanann tú iarracht déileáil léi, cuireann a ga ionat, nó neachtar acu, sleamhnaíonn i leataoibh d’fhonn filleadh arís.

Caithfear an reachtaíocht sin a bheith soiléir, follasach, ar easpa débhrí, chomh geal le sciathán aingil.

D’fhéadfadh sin a bheith, gan amhras, mura mbeadh go gcaithfear í a chur i bhfocail agus tá na focail ina seasamh ar bhreithiúnas smúideach an duine. Ní thiocfar a choíche ná go deo ar fhoirmle focal nach mbeidh sleamhain, scamallach, scaoilte, éalaitheach, barrathuisleach agus nach féidir iad a dhialladh le claonta áirithe an té atá á gciallú.

Níor cheart go mbeadh aon deacracht ann maidir le beatha na máthar a bheadh i mbaol.

Ach féach go raibh, agus go tubaisteach. Is do-inste go mór is go fada aon ní a bhaineann lena bhfuil ar siúl laistigh de leite liath an chloiginn. Is cuma nó seomra rúnda ar fad é.

Ach, is ea, fiafraítear. An amhlaidh nach mbeadh lánmhuinín agat as tuairim ghairmiúil phroifisiúnta oilte na síciatraithe a dhéanfadh a leithéid a mheas? Bheadh.

Bheadh an oiread chéanna muiníne agam as tuairim ghairmiúil phroifisiúnta oilte na síciatraithe agus a bheadh agam as na baincéirí a ghoid an t-airgead, na polaiteoirí a lig dóibh é a scuabadh leo, na rialóirí airgeadais nár rialaigh, na tógálaithe a thóg na heastáit bhána, na heaspaig a scaoil le péidifiligh, na heacnamaithe a mhaígh go dtuirlingeoimis go bog, na cuntasóirí a rinne cócaireacht ar na leabhair agus astu siúd a léann an aimsir fháistineach i ngrúidil an tae ar thóin an chupáin.

Fad is atá an díospóireacht seo ar siúl faoi na heisceachtaí éagsúla, faoi na cásanna crua sa chasarnach chasta – dá dhéine iad – fágtar machairí móra fairsinge leathana an ghinmhillte as radharc.

Mar is ceist dhomhanda í seo, mar atá feicthe againn; ach ní phléitear riamh an chúis is mó ar fad a dhéantar gin a mhilleadh sa tsaol uile go léir ar fad siar agus timpeall.

Is é sin, toisc go bhfuil sí baineann.