Donncha chun doirne

Tá an colún seo ag cur spéis mhór i gcuid de na tuairimí atá an saineolaí uimhreacha, Donncha Ó hÉalaithe, ag nochtadh faoi thuarascáil…

Tá an colún seo ag cur spéis mhór i gcuid de na tuairimí atá an saineolaí uimhreacha, Donncha Ó hÉalaithe, ag nochtadh faoi thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta ar Foinse le cúpla seachtain anuas.

I mbeagán focal, tá Ó hÉalaithe ag caitheamh amhrais ar mhodheolaíocht an Choimisiúin i dtaca le teorainneacha Gaeltachta de.

Ní hé Ó hÉalaithe amháin atá ag scríobh ar an tuarascáil. Chothaigh scéal eile a bhí ar Foinse raic idir Leas-Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó hAoláin, agus ball de bhord an Údaráis, Pól Ó Foighil.

D'éirigh Ó Foighil as an bhord de bharr tagairtí a rinne Ó hAoláin don tuarascáil. Bhain an scéal Nuacht TG4 amach.

READ MORE

An tseachtain seo, tá litir ag Ó hAoláin ar an nuachtán ag soiléiriú cuid de na pointí a rinne sé sa chéad dul síos. Coinneoidh an méid sin féin scéal na tuarascála agus an Údaráis i mbéal an phobail go ceann tamaill, rud nach miste ar chor ar bith.

Ach cá bhfuil aisfhreagra an Choimisiúin ar na líomháintí atá á dhéanamh?

Ní dornalaíocht go beirt.