Drochdose de na gormachaí géarchéime

BEOCHEIST: Tá na Paul Krugman blues orm. Drochdose ceart acu.

BEOCHEIST:Tá na Paul Krugman blues orm. Drochdose ceart acu.

Faoi mar atá a fhios ag an saol mór faoin am seo eacnamaí, colúnaí agus buaiteoir duais Nobel is ea Krugman a thug rabhadh dúinn fadó faoin ngéarchéim dhomhanda eacnamaíochta.

Cinnte, bhí saineolaithe eile ar an bport céanna.

Ach cé gur chuir scata acu comhairle orainn nach raibh in aon ní ach seal agus go ndúradar linn go rabhamar imithe amach ón gcairt ar fad ba é Krugman amháin a d’inis dúinn cad é go díreach a tharlódh agus cad ina thaobh go dtarlódh sé.

READ MORE

Sea, bhí beagán daoine ann nach raibh i bhfad ón gceart ach tá ceart ann agus tá Paul Krugman ann.

Maidir leis na Paul Krugman Blues atá orm, feiniméan cuíosach nua atá iontu.

Ba é an sár-amhránaí Loudon Wainwright III a d’ainmnigh iad in amhrán dá chuid, “The Krugman Blues”.

Le tamall anuas tá cúpla alt scríofa ag Krugman ar an New York Timesfaoin gcocstí atá déanta de gheilleagar na hÉireann agus, faoi mar a chasann Loudon féin:

Sometimes when he’s on TV, in the background you can spot his school logo/

Paul teaches at Princeton U, so Krugman ought to know.

Ba in Aibreán na bliana seo caite a thug Krugman a chéad sciuird ar oileán seo na nAlpairí agus na Huicstéirí.

“Erin go broke” an teideal a bhí ar an gcolún san agus bhí bús faoi ag an am.

Tháinig colún eile uaidh cúpla seachtain ó shin faoin gceannlíne “An Irish Mirror for the Crisis” inar scríobh sé faoi fhaillí agus easpa céille na n-údarás anseo mar an sampla is fearr amuigh den saghas ganfhiosaíochta a ghin an ghéarchéim dhomhanda.

Is fíor go mbaineann paradacsa leis na blues agus go mbíonn tógáil croí áirithe iontu in ainneoin na n-ainneoin.

Bhaineamar súp as saothar na n-iriseoirí a tháinig chugainn ós na ceithre hairde le linn bhlianta an rachmais chun lán a súl a bhaint as míorúilt an Tíogair Cheiltigh ach níl faic againn anois ach an sásamh beag dóite a bhaineann leis na Krugman Blues.

Chonac Joan Burton, urlabhraí airgeadais an Lucht Oibre, ar chlár Vincent Browne ar TV3 le déanaí, agus shamhlófá go raibh sí ag baint saobhphléisiúir as colún Krugman a léamh amach ós ord.

Nuair a dúirt an tAire Stáit Martin Mansergh léi go raibh argóintí an cholúin ag brath ar eolas “dara láimhe” chaill Burton an ceann.

Dúirt sí go raibh Krugman anseo in Éirinn tamall ó shin agus go raibh an méid sin ar eolas aici mar gur lena dhá súil féin a chonaic sí é agus lena dhá cluais féin a chuala sí é.

“Chuaigh mé chun éisteachta leis ach is dócha nár chuir tú an stró sin ort féin!” a dúirt sí le Mansergh.

Ba dhóigh leat go raibh Mansergh tar éis na cúirtíní a tharraingt agus an Pápa féin ar cuairt sa ghairdín lasmuigh dá thigh.

Ba cheart go mbeadh níos mó céille ag Mansergh, áfach.

Faoi mar a chasann Loudon:

Paul always tells it like it is we get it blow by blow/

Krugman’s got the Nobel prize so Krugman ought to know.”

Is é an trua nach bhfuil aon Paul Krugman dár gcuid féin againn.

Is dócha go raibh a leithéid de rud ann agus na George Lee Blues fadó ach chuaigh George ar bhoiléagair agus thug cúl le gormachaí a dhúchais chun dul leis na Léinte Gorma.

Scríobh iriseoir ceoil uair amháin go mbíonn Eric Clapton ag ceol na blues do dhaoine a bhíonn cráite nuair atá orthu an doingean mara a ithe mar go bhfuil an anglait bainte den bhiachlár.

Bhuel, thosaigh George Lee ag casadh leagan úr den blues do dhaoine arbh ionann acu an fhulaingt agus Richard Bruton a bheith ag déanamh beag is fiú dóibh. Táimid fágtha mar sin leis na Krugman Blues agus sinn ag fanacht leis an lá go mbeidh dea-scéal éigin ag Paul dúinn.

Mar a deir Loudon:

When Paul gets really bummed out that’s when I get scared/

But if Paul says there’s a glint of hope I feel we’ve all been spared.

Idir an dá linn, is féidir albam Loudon Wainwright III, Ten Songs for a New Recession, a cheannach ar a shuíomh Idirlín. Tá Wainwright ag treabhadh an ghoirt chéanna le Woody Guthrie fear a raibh na Worried Man Bluesfadó air agus fear a chonaic an ghéarchéim eacnamaíochta ag teacht fiú roimh Paul Krugman féin.