'Duine ioconach'

'Ó 1915 i leith tá an Ghaeilge ag géilleadh do phoblachtachas an Bhéarla agus do phoblacht an Bhéarla.

'Ó 1915 i leith tá an Ghaeilge ag géilleadh do phoblachtachas an Bhéarla agus do phoblacht an Bhéarla.

Tharla sé i bhForógra na Cásca, fógra, mar a shonraigh an Cadhnach féin, nach raibh ach trí fhocal Ghaeilge ann.

"Agus tá sé ag tarlú inniu féin, mar shampla, sa chaoi a bhfuil Foras na Gaeilge - a bhfuil foclóireacht, téarmaíocht, téacsleabhair, foilsitheoireacht, agus cuid mhór d'infrastruchtúr na Gaeilge scríofa ag brath air - coillte agus speirthe ag leibhéal os cionn leibhéil de mhaorlathas breithnithe agus athbhreithnithe. Agus cén fáth? Toisc gur theastaigh institiúid trasteorann ón bPoblacht."

Sliocht é sin ó chaint a thug an scríbhneoir Liam Mac Cóil ag siompóisiam ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman a bhí ar siúl i gCathair na Mart, Co Mhaigh Eo, ag an deireadh seachtaine. Ba chun an mórscríbhneoir Máirtín Ó Cadhain, a rugadh 100 bliain ó shin, a chomóradh a bhí an ócáid ann, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

READ MORE

Murab ionann agus an bheirt chainteoirí eile ag an siompóisiam ní raibh aithne phearsanta ag Mac Cóil ar an Chadhnach. Bhí sé ina mhac léinn ollscoile nuair a fuair sé bás ach rinne sé cur síos ar na tréithe sin a rinne "duine mór íocónach" den Chadhnach don ghlúin ina dhiaidh.

Bhí de phribhléid ag an Dr Pádraigín Ní Cheallaigh an Cadhnach bheith mar léachtóir Nua-Ghaeilge aici i gColáiste na Tríonóide.

Múinteoir díograiseach coinsiasach a bhí ann gan aon chuid den bhoirbe agus den bhinib a cheanglaítí leis an phearsain phoiblí á léiriú aige sa seomra ranga.

Rinne an t-abhcóide Séamas Ó Tuathail cur síos ar chuid de na feachtais phoiblí a raibh an Cadhnach páirteach iontu agus a tharraing aird air mar dhuine borb taghdach frith-Fhianna Fáileach.

Ní in aghaidh Fhianna Fáil a bhí an Cadhnach, a dúirt sé, ach in aghaidh na bpearsan sin i ngluaiseacht na Gaeilge a shíl go raibh Fianna Fáil chun an Ghaeilge a shlánú.

Agus is iomaí duine eile le linn an deireadh seachtaine a thug fianaise faoi ionracas, mhisneach, neamhspleáchas aigne agus chumas scríbhneoireachta an Chadhnaigh.

I léacht oscailte na scoile thagair an Dr Louis de Paor dá laghad de shaothar Uí Chadhain atá ar chúrsa Gaeilge na n-ollscoileanna de thairbhe na leabhair bheith as cló.

Fógraíodh, áfach, go raibh sé i gceist ag Sáirséal agus Ó Marcaigh eagrán nua de Cré na Cille (curtha in eagar ag an Ollamh Cathal Ó hAinle) a fhoilsiú roimh dheireadh na bliana.

"Ba ghnaíúla leat an bás ná slogadh plámás meata," a dúirt Joe Steve Ó Neachtain i ndán a chum sé féin tar éis bhás an Chadhnaigh.

Agus ba í an teist ab fhearr ar bhuanacht shaothar Uí Chadhain an léamh drámatúil a rinne Máirín agus Joe Steve Ó Neachtain agus a dtriúr clainne ar shleachta as a shaothar agus an bualadh bos a fuair siad ón lucht éisteachta ina dhiaidh.