Dynamo Charna v Buachailli Feirste sa Chorn Gaeltachta

'Dia daoibh agus fáilte mhór chroíúil romhaibh uilig go léir go dtí Corn na Gaeltachta, príomhchomórtas le Gradam Gaeltachta …

'Dia daoibh agus fáilte mhór chroíúil romhaibh uilig go léir go dtí Corn na Gaeltachta, príomhchomórtas le Gradam Gaeltachta a bhaint amach. Is mise Pele Ó Muirí agus anseo sa stiúideo liom tá ár saineolaí teanga, Andaí Eolach. Fáilte romhat, a Andaí."

"Go raibh maith agat."

"Bhuel, a Andaí, tá dhá fhoireann láidre againn sa chluiche ceannais inniu - Dynamo Charna agus Buachaillí Feirste."

"Fíor duit - láidir agus éagsúil ina gcuid stíleanna imeartha."

READ MORE

"Amharcaimis ar dtús ar Bhuachaillí Feirste. Seo é an chéad uair dóibh bheith sa chluiche ceannais ó ghoid na Sasanaigh bhradacha lofa sé pháirc ghlasa an Tuaiscirt uainn. Tá siad ar theann a ndícheall ag iarraidh gradam Gaeltachta a bhaint amach. Cad é an breithiúnas a thabharfá féin ar an fhoireann aduaidh? An bhfuil seans ar bith acu?"

"Géar an chéad aidiacht a ritheann liom féin agus mé ag smaoineamh orthu, a Phele. Ní foireann iad a shamhlaíonn tú stíl nó teicnic dheas leo. Níl siad deaschosach. Imríonn siad go crua díreach. Is long-ball linguists iad. Is cuma leo cad é mar a aimsíonn siad an cúl."

"Is beag a meas ar mhodhanna traidisiúnta imeartha Dynamo."

"Gan amhras ar bith. B'fhearr leo an ball a bhrógáil suas an pháirc. Ní bhacann siad le finesse. Cosantóirí iad. Cá hiontas sin agus Padaí Paranóia, Charlie Comhcheilge agus Tommy na Tua i gcroílár na foirne acu."

"Crua díreach. Dúirt tú é. Agus tá mír againn anois ar dhuine de na himreoirí sin a luaigh tú - Tommy na Tua. An-chosantóir go deo é Tommy."

"Bíonn Tommy fiata i mbun an tackle - fiú nuair nach mbíonn cluiche ar siúl. Níl mórán scíle aige mar imreoir thairis sin, áfach. Ní bhíonn drogall air tabhairt faoi imreoirí eile agus an réiteoir ag amharc an bealach eile. Ar ndóigh, d'fhoghlaim sé an cluiche ar fhoireann an-gharbh. D'imríodh sé ar feadh na mblianta le Rógairí na Ceise."

"Sea. Is maith go bhfuair sé aistriú faoin Chomhaontú. Cad é na tréithe eile imeartha atá ag na Buachaillí?"

"Oibríonn siad go crua agus coinníonn siad smacht orthu féin ar an pháirc."

"Tá smacht ar fhoireann tábhachtach, nach bhfuil?"

"Tá gan amhras. Ar an drochuair, ceapaim go dtéann siad thar fóir leis. In amanna, caithfidh tú ligean do do chuid imreoirí imirt de réir mar is mian leo féin. I ndeireadh na dála, is imreoirí agus ní saighdiúirí iad."

"Tá cáil ar lucht leanúna na mBuachaillí fosta, nach bhfuil?"

"Deirtear go bhfuil níos mó de lucht leanúna acu ná dream ar bith eile in Éirinn - 30,000 de chumann tacaíochta de réir a suíomh Idirlín féin cé gurb annamh a fheiceann tú níos mó ná cúpla céad i láthair ag na cluichí baile."

"Laige amháin atá acu nach maith leo taisteal."

"Ní maith. Leoga, tharla i gcás nó dhó gur dhiúltaigh siad an liathróid a roinnt le foirne eile."

"Is cumann saibhir go leor iad na Buachaillí. Táthar ann a déarfas leat gur cheannaigh siad a mbealach go dtí an cluiche ceannais seo. Ní thaitníonn a n-oirbheartaíocht dhiúltach le mórán den lucht leanúna traidisiúnta."

"Táthar ann a déarfas leat gur cheannaigh siad réiteoir nó dhó le linn na mbabhtaí cáilithe. Ach táid ann anois. An cheist atá ann cad é mar a chruthóidh siad in éadan Dynamo Charna?"

'IS maith gur luaigh tú Dynamo. Amharcaimis anois orthu sin. Foireann de na foirne is láidre sa chomórtas seo ar feadh i bhfad ach in ísle brí le roinnt mhaith blianta."

"Go díreach é. Tá siad sa chomórtas ó bunaíodh é tá céadta bliain ó sin. Brasaíl an bhéil a thugtaí orthu ach, mar a dúirt tú, imithe in ísle brí le tamall."

"Cá n-aimsíonn tú féin an laige acu?"

"Easpa bainisteoirí cumasacha. Tá sárimreoirí acu le fada fada. Ar an drochuair, b'éigean do go leor acu sin dul thar sáile le slí bheatha a bhaint amach. Mar sin féin, an méid a bhí fágtha, bhí cumas as an ghnáth ag baint leo. D'fhéadfadh an t-imreoir ba mheasa acu áit a ghnóthú dó féin ar fhoireann ar bith eile sa tír."

"Níl leigheas ar bith ar dhrochbhainistíocht, an bhfuil?"

"Tá - dea-bhainistíocht. Má cheapann an fhoireann duine éifeacht le stiúir a thabhairt dóibh, d'fhéadfadh siad leanstan ar aghaidh sa chomórtas seo go ceann céad bliain eile. Ní bheadh a sárú le fáil."

"Cé hé an t-imreoir is fearr ag Dynamo Charna?"

"Bobby Béalbinn gan amhras. Má thugann siad an ball do Bhobby is beag seans go gcaillfidh siad an cluiche seo. Tá cumas dúchasach imeartha ann."

"Agus má chailleann siad an cluiche seo?"

"Má chailleann siad an cluiche, tá eagla orm nach dtabharfaidh na Buachaillí an corn ar ais dóibh go deo."