Eagla ar Choláiste Ráithín go mbeidh a rás rite go luath

TUARASCÁIL : TÁ MÚINTEOIRÍ agus tuismitheoirí Choláiste Ráithín, Bré, Co Chill Mhantáin, le hagóid a dhéanamh taobh amuigh de…

TUARASCÁIL: TÁ MÚINTEOIRÍ agus tuismitheoirí Choláiste Ráithín, Bré, Co Chill Mhantáin, le hagóid a dhéanamh taobh amuigh de Dháil Éireann inniu lena gcás do scoil nua a chur os comhair polaiteoirí arís.

Tá Coláiste Ráithín 21 bliain ar an saol agus iad ag cur oideachas dara leibhéal ar fáil do dhaltaí Gaelscoileanna i dtuaisceart Chill Mhantáin. Lena chois sin, tagann trian dá gcuid daltaí ó scoileanna Béarla sa chontae.

Tá lucht na scoile ag iarraidh go mbeidh foirgneamh nua acu faoi 2014. Faoi láthair, níl áiseanna spóirt acu agus is i mbotháin réamhdhéanta a dhéantar cuid mhór den teagasc.

Bhí focal acu ar shuíomh i mBré ach níl iomrá ar thógáil ar bith tosú ann. Is mó a n-inmí anois nó tá scoil Bhéarla nua díreach oscailte ag an Roinn Oideachais sa cheantar céanna leo féin.

READ MORE

Dúirt príomhoide Choláiste Ráithín, Gearóid Ó Ciaráin, go raibh sé “tinn tuirseach” den scéal agus go raibh lucht na scoile 20 bliain i mbun agóide.

Bhí ag éirí thar barr leis an scoil ó bunaíodh í sa bhliain 1991 agus gan acu ach 33 dalta. 250 dalta a bhí anois ag freastal ar an scoil agus thiocfadh leo “dhá oiread” a thógáil ach na háiseanna a fháil. Ar an drochuair, bhí orthu páistí a chur ó dhoras i mbliana.

Bhí na bunscoileanna Gaeilge sa cheantar ag fás go fóill agus bhí cáil ar an choláiste as mic léinn a chur ar aghaidh chun na hollscoile.

Ach bhí “baol ann nach mbeadh Gaelscoil dara leibhéal i dtuaisceart Chill Mhantáin” mar níorbh fhéidir leis an scoil “dul i gcomórtas le scoileanna móra gan áiseanna cearta”.

Dúirt sé fosta gur mhinic an tAire Oideachais, Ruairí Quinn, ag caint ar “iolrachas” ach gan an Ghaeilge a chur san áireamh.

Bhí Coláiste Ráithín ag iarraidh “oideachas leathan liobrálach” a chur ar fáil i nGaeilge. Chuige sin, bhí páistí as 23 tír éagsúil i measc na bpáistí ar an scoil.

Dúirt Ó Ciaráin go raibh “ár gcuid déanta againn” agus iad ar lorg suímh bhuain agus ba thrua leis nach raibh Quinn ábalta bualadh le lucht na scoile agus é ar cuairt i gCill Mhantáin ag tús na seachtaine.

Rinne an colún seo teagmháil le Roinn an Oideachais faoi chás na scoile. Agus muid ag dul i gcló, ní raibh ráiteas ar bith ar fáil.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times