Eagraíocht mhór

TÁ NA heagrais dheonacha Ghaeilge imníoch faoi fholáireamh Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, go gcaithfidh siad cur le chéile…

TÁ NA heagrais dheonacha Ghaeilge imníoch faoi fholáireamh Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, go gcaithfidh siad cur le chéile chun eagraíocht mhór amháin a bhunú, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Ag cruinniú de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge an tseachtain seo caite caitheadh breis agus uair go leith ag plé a ndúirt Ó Cuív agus é ag oscailt an tseimeanáir "Ar Scáth a Chéile" a d'eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, scátheagraíocht na n-eagras deonach, an tseachtain roimhe sin.

Dúirt Ó Cuív go raibh fás gan áireamh ar na heagrais Ghaeilge le blianta anuas agus nach raibh siad ag freastal ar riachtanais an phobail.

Thug Ó Cuív le fios de thairbhe an oiread sin deacrachtaí bheith ag plé le dhá dhlínse go mbainfí cúram maoinithe na n-eagras Gaeilge ó Fhoras na Gaeilge agus go mbeidh €9 milliún ar fáil di.

READ MORE

Feictear do na heagrais, áfach, go mbeidh sé thar a bheith deacair plean comhaontaithe a chur le chéile agus gan fhios acu a bhfuil sa Phlean Fiche Bliain don Ghaeilge atá á chur le chéile ag Roinn na Gaeltachta faoi láthair.

Mar a tharla ba í aidhm an tseimeanáir "Ar Scáth a Chéile" na heagrais dheonacha Ghaeilge a thabhairt le chéile chun céimeanna praiticiúla comhpháirtíochta a bheartú "a chuirfeadh seirbhísí níos iomláine agus níos leithne ar fáil don phobal ar an talamh".

Bhí ionadaithe i láthair ó 24 eagraíocht atá cláraithe leis an Chomhdháil agus ó eagraíochtaí eile. Cé go raibh smaointe fiúntacha acu maidir le bealaí ina bhféadfaidís oibriú le chéile ní raibh aon tsúil ag an chuid ba mhó acu le foláireamh Uí Chuív go mbeadh orthu cur le chéile in aon eagraíocht amháin.

Dúradh go minic le linn an tseimineáir gur próiseas seachas struchtúr a bhí mar aidhm lena dteacht le chéile. €13.9 milliún a cuireadh ar fáil anuraidh d'Fhoras na Gaeilge le haghaidh maoiniú na bpríomheagras Gaeilge agus beidh gearradh siar €1milliún air sin i mbliana.