Earrai culturtha

Is é an rud is suntasaí faoi earraí cultúrtha, ar nós scannáin, go bhfuil siad uafásach costasach le déanamh ach sách saor le…

Is é an rud is suntasaí faoi earraí cultúrtha, ar nós scannáin, go bhfuil siad uafásach costasach le déanamh ach sách saor le dáileadh ar chustaiméirí.

Tá sé doiligh fáil isteach sna gnóthaí sin mar tá an "tairseach" an-ard agus is é an deireadh a bhíonn ar go leor dreamanna a dhéanann iarracht dul isteach go gceannaíonn na "buachaillí móra" iad.

Comhchruinniú na cumhachta an toradh atá air, is é sin le rá, níos mó agus níos mó den ghnó bheith i lámha beagán beag eagraíochtaí. (Tá an rud céanna ag tarlúint leis na nuachtáin agus le comhlachtaí teilifíse i dtíortha iar-Chumannacha ar nós na Rómáine).

Ón uair a foilsíodh Le Défi américain (An Dúshlán Meiriceánach), agus fiú roimhe, tá rialtas na Fraince ar a mbionda ag cosaint an tionscail dúchais scannánaíochta.

READ MORE

Níl buille a bhuaileann an Quai d'Orsay sa chath seo nach dtugann Hollywood buille feille air. Ritheann siad go rialtas Mheiriceá ag iarraidh cuidithe agus aontaíonn sárchumhacht an domhain leo, á rá gur peaca in aghaidh domhandú gach iarracht chosanta ag Francaigh.

Le fada an lá, tá comhlachtaí sa tSualainn a bhfuil gnó idirnáisiúnta acu ag cur an Bhéarla in ionad na Sualainnise mar theanga inmheánach bainistíochta. Is le fíorghairid a thosaigh an rud céanna sa Rómáin.

Tá rialtas na Sualainne chomh buartha sin faoi thionchar an Bhéarla go bhfuil siad i ndiaidh an bunreacht a leasú lena dheimhniú gurbh í an tSualainnis an teanga oifigiúil, rud nár ghá san am atá thart.

Tugann a leithéid de scéal le fios dom go bhfuil nithe le foghlaim ag stáit eile ón dá chuid den tír seo maidir le caomhnú na héagsúlachta teanga.

Ní gá dóibh ach amharc ar an dá stáisiún teilifíse, TV3 agus TG4, a bunaíodh thart faoin am céanna. Cé acu is Eorpaí, is ilgnéithí, is mó a léiríonn éagsúlacht chultúrtha na cruinne?

TG4, ar ndóigh! Is dual don Ghaeilgeoir suim a chur san éagsúlacht.