Eigse Dhoire

Beidh Éigse Cholm Cille ar siúl ar Choláiste Mhig Aoidh, Doire, ag an deireadh seachtaine

Beidh Éigse Cholm Cille ar siúl ar Choláiste Mhig Aoidh, Doire, ag an deireadh seachtaine. Is é "Úrscéal; seanscéal; gearrscéal" téama na bliana seo.

Ar na himeachtaí, beidh turas dátheangach leis an scríbhneoir Séamus Mac Annaidh, léachtaí leis an scoláire Diarmaid Ó Doibhlin, "Ó Aileach go Tulach Óg: Oidhreacht na nGael" agus leis an úrscéalaí, Aodh Ó Canainn, "Íomhá Chathair Dhoire in úrscéalta". Eolas: 048-71351502.