'Fadhbanna struchtúrtha' ag cur as d'fhorbairt na hiriseoireachta

TÁ FORBAIRT iriseoireacht chlóite na Gaeilge ag brath ar an toil a bheidh ann aghaidh a thabhairt ar “fhadhbanna struchtúrtha…

TÁ FORBAIRT iriseoireacht chlóite na Gaeilge ag brath ar an toil a bheidh ann aghaidh a thabhairt ar "fhadhbanna struchtúrtha" san earnáil, a dúirt an léachtóir Uinsionn Mac Dubhghaill ar sheimineár iriseoireachta ag Oireachtas na Gaeilge, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Ag caint i gCill Airne, Co Chiarraí, Dé hAoine, dúirt Mac Dubhghaill, iar-eagarthóir Gaeilge an nuachtáin seo, go raibh costaisí dáiliúcháin agus clódóireachta “ina mbró mhuilinn” ag foilseacháin Ghaeilge.

Dúirt sé go raibh an iomarca airgid á chaitheamh ar chúrsaí riaracháin agus dáiliúcháin seachas ar an iriseoireacht féin agus mhol sé go bhféachfaí ar áisíneacht lárnach clódóireachta agus dáiliúcháin a bhunú a dhéanfadh freastal ar na foilseacháin Ghaeilge ar fad.

Dúirt sé gur ghá d’Fhoras na Gaeilge agus éinne eile ar chás leis an iriseoireacht “a bheith réidh le haghaidh a thabhairt ar roghanna agus ar cheisteanna dúshlánacha”.

READ MORE

Cheistigh Mac Dubhghaill an raibh an iomarca foilseachán Gaeilge á maoiniú ag an Stát agus an raibh ciall le dhá nuachtán sheachtainiúla a bheith ann “go háirithe nuair atá an péire anois ag teacht amach ar an lá céanna.

“An bhfuil sé rómhall le cleamhnas a shocrú eatarthu agus nuachtán níos láidre ná ceachtar acu a thógáil? Ar cheart slán a fhágáil leis an eagrán clóite go hiomlán, dul i dtuilleamaí an eagráin dhigitigh amháin, agus an maoiniú stáit a fhócasú níos géire ar ábhar arbh fhiú a léamh nó arbh fhiú breathnú air?”

Bhí gá chomh maith le struchtúir oiliúna a chur ar fáil do dhaoine óga, go háirithe i bhfianaise na n-athruithe a bhí tagtha ar shaol na hiriseoireachta: “Más mian linn caighdeán na hiriseoireachta trí mheán na Gaeilge a ardú, ní mór dúinn na struchtúir a chur ar fáil faoina mbeidh daoine óga in ann slí bheatha réasúnta a bhaint aisti agus seasmhacht éigin sa ngairm atá roghnaithe acu a bhaint amach.”

Ba é Pól Mac an Draoi, colúnaí leis an Irish Daily Mail, aoichainteoir an tseimineáir "Iriseoireacht na Gaeilge: cad é an scéal?" a d'eagraigh Foras na Gaeilge. Dúirt sé go mbeadh gá i gcónaí le scileanna sin an iriseora oilte in ainneoin na ndúshlán ar fad a bhí roimh an earnáil.

Bíodh is nach raibh fágtha ag an nuachtán traidisiúnta ach timpeall 20 bliain bheadh éileamh i gcónaí ar an nuacht féin agus ar shainscileanna na hiriseoireachta clóite: “Sin iad scileanna agus tallann na n-iriseoirí a bhfuil fios a gceirde acu – scileanna a forbraíodh thar na céadta bliain – an cumas chun scéalta a scagadh, a mheas agus a chur i láthair an phobail ar bhealach tarraingteach, soléite agus go paiteanta.”

Dúirt Eibhlín Ní Chonghaile ó RTÉ Raidió na Gaeltachta go raibh an cumas ag iriseoireacht na Gaeilge a scéal féin a insint ach an rogha cheart a dhéanamh maidir le haimsiú agus insint an scéil sin. Luaigh sí go sonrach sampla clúdach tomhaiste na meán Gaeilge ar na scéalta a d’eascair as aimsiú gáis amach ó chósta Mhaigh Eo.

Dúirt Tomaí Ó Conghaile ó Nuacht24go raibh an t-idirlíon ar an "mbuntáiste is mó riamh ag an Ghaeilge"; bhronn an teicneolaíocht deis ar an iriseoir pobal a bhí scaipthe a aimsiú agus a chur i mbun cumarsáide le chéile.