Fallás na truamhéala - ábhar machnaimh dúinn uilig

TUARASCÁIL: CREIDIM SA choinceap ar a nglaotar “fallás na truamhéala”

TUARASCÁIL:CREIDIM SA choinceap ar a nglaotar "fallás na truamhéala". An ionann sin is a rá gur "pandiach" nó "pansíceach" mé? Táim caoch i ngrá leis an gcoincheap áirithe seo le fada. Séard atá i gceist le fallás na truamhéala ná go bhféadfadh mothúcháin dhaonna a bheith ag an domhan neamhbheo inár dtimpeall.

Téann coincheapa an phandiachais agus an phansíceachais i bhfad siar. Shíolraigh siad ó Pan, an dia Gréagach, mac do Hermes agus garmhac do Zeus, dia na spéire. Leathdhuine agus leathainmhí ba ea é le hadharca agus crúba ghabhair. Samhlaítear é le saol na tuaithe, le ceol, le ragairne agus le grá collaí. An dúlra agus an duine ag maireachtaint ar scáth a chéile.

Ní inniu ná inné a saolaíodh an coincheap. Síneann sé ó Plato ( Timaeus) go Homer ( Odaesé, Iliad) go Johannes Kepler go Shakespeare go dtí na Rómánsacha (Wordsworth, Coleridge, Shelley, Byron) mar fhealsúnacht ag amanta agus mar dheismireacht fhileata nó teanga ag amanta eile.

Bhí an coincheap le sonrú go soiléir i bhfilíocht na sean-Ghaeilge freisin. Ach ba é an scríbhneoir John Ruskin a chum agus a cheap an téarma Pathetic Fallacy ina leabhar Modern Paintersa foilsíodh sa bhliain 1856. Mar a tharlaíonn ba mar théarma dímheasa a d'úsáid Ruskin é mar nár aontaigh sé le claonadh na bhfilí Rómánsacha chun comhcheangal a bhunú idir aoibh an dúlra agus aoibh an duine.

READ MORE

Is deacair diúltú don cheangal atá ann idir an dúlra agus an duine, dar liom. Nach ionann grian agus gáire? Braonta báistí agus deora? Fuacht agus fuath? Sneachta agus geanmnaíocht? Gaoth agus fearg? Stoirm agus sceon? Sioc agus gruaim? Solas agus sólás? Dorchadas agus dólás? Earrach agus óige? Samhradh agus bláth na maitheasa? Fómhar agus meánaois? Geimhreadh agus seanaois? Cloíonn sé le réasún, nach gcloíonn?

I bhfocail an tseanfhocail: “Fiche bliain ag fás; fiche bliain faoi bhláth; fiche bliain ag meath; fiche bliain gur cuma ann nó as tú.” Is fealsúnacht í a thugann “raison d’étre” do gach créatúr a mhaireann ar chlár na cruinne, an duine daonna san áireamh.

N’fheadar mé faoi fhiúntas an choincheapa mar fhealsúnacht nó mar reiligiún ach mar dheismireacht fhileata ceapaim go bhfuil sé go hálainn ar fad. Nuair a bhíos ag gabháil don mhúinteoireacht, bhaineas taitneamh agus tairbhe as thar tréimhse fhada. Agus mé ag tosnú amach mhúininn Béarla agus cad é mar sult a bhainimis as Julius Caesar, King Lear agus Macbeth, drámaí ina bhfuil fallás na truamhéala chun tosaigh iontu.

Chreid Shakespeare go diongbháilte go raibh dlúthcheangal idir an aimsir agus an stát. Dá mbeadh rialtóir lách, ionraic, cothrom i gceannas bheadh gile agus dea-aimsir. Ach dá mba rud é gur rialtóir cam, mí-ionraic, míchothrom a bheadh i gcumhacht is dorchadas agus drochaimsir a bheadh ann.

Ó thosnaigh an cúlú eacnamaíochta dhá bhliain ó shin táimid damnaithe ag drochaimsir. An bhliain seo caite bhí na tuilte againn – bhí an méid san uisce ag déanamh ar chathair Chorcaí go raibh baol mór ann ar feadh tamaill go mbeadh orthu teitheadh ar son a n-anama go Ciarraí! I mbliana rinneadh staic den stát faoi dhó ag sioc, sneachta agus leac oighir gan trácht ar an gcíor thuathail a rinneadh sna spéartha ag plá an luaithreamháin bholcáin.

Cleachtar fallás na truamhéala mar mhóitíf choitianta i bhfilíocht na Gaeilge, idir sean agus nua, sa seandhán Caoineadh Éabha, mar shampla:

Ní bheadh leac oighir in aon bhall ann,

Ní bheadh geimhreadh gaofar géar,

Ní bheadh ifreann, ní bheadh brón,

Ní bheadh sceon ann, murach mé.

Is deacair an rann seo a leanas as an amhrán Mo Ghille Mear (Bímse Buan ar Buairt Gach Ló)a shárú mar shampla d'fhallás na truamhéala agus an file ag caoineadh an Stíobhartaigh (an Prionsa Séarlas Éadhbhard Stíobhart) nuair a cuireadh deireadh go deo le réim na nGael in Albain tar éis Chath Chúlodair in 1746:

Níor éirigh Phoebus féin ar cóir,

ar chaomhchneas ré tá daolbhrat bróin,

tá saobha ar spéir is spéirling mhór

chun sléibhe i gcéin mar déala an leon.

Sa dán Bean tSléibhe ag Caoineadh a Micde chuid an Phiarsaigh tuigtear do na héin go bhfuil laoch ar lár:

Ag gabháil an tsléibhe dhom tráthnóna

Do labhair an éanlaith liom go brónach,

Do labhair an naosc binn ’s an crotach glórach

Ag faisnéis dom gur éag mo stórach.

Agus tá filíocht mhórfhile an chéid seo caite, Seán Ó Ríordáin, ar maos le fealsúnacht agus le deismireachtaí fileata an fhalláis. Tá sé le sonrú sa dán Adhlacadh Mo Mháthar:

Agus thit an Meitheamh siar isteach sa Gheimhreadh,

Den úllghort deineadh reilig bhán cois abhann...

Seo mar a thosnaíonn a dhán fada Cnoc Mellerí:

Sranntarnach na stoirme i Mellerí aréir

Is laethanta an pheaca bhoig mar bhreoiteacht ar mo chuimhne

Ach is é an dán Oíche Nollaig na mBanis fearr a léiríonn an mhian atá ag an bhfile go dtiocfadh na dúile i gcabhair air ag am an anfa phearsanta. Déantar an stoirm gaoithe a phearsantú mar ghealt a bhí tar éis éalú "as gealt-teach iargúlta tá laistiar den ré/is do scréach tríd an spéir chugainn 'na gealt". Santaíonn an file go dtréigfeadh a anam a cholainn i lár na hoíche stoirmiúla: "Ba mhaith liom go dtiocfadh an stoirm sin féin/An oíche go mbeadsa go lag..."

Díreach mar ar achainigh King Lear ar na dúile a bheith ar aon chéim éadóchais leis féin, achainíonn an Ríordánach ar fhórsaí an oilc seilbh a ghlacadh ar an domhan ar an oíche dheireanach de 12 lá na Nollag.

Is siombail í an ghaoth don mbás agus ba mhaith leis an bhfile bás a fháil i lár na stoirme “is ná cloisfinn an ciúineas ag gluaiseacht fám dhéin, ná inneall an ghluaisteáin ag stad”.

Téann Cathal Ó Searcaigh i muinín fhallás na truamhéala ina dhán grá Níl Aon Nísa chodarsnacht a léirítear idir saol na tuaithe – "i gclingireacht na gcloigíní gorma/i gcoillidh Fhána Bhuí" – agus saol na cathrach - "brúchtbhaile balscóideach i mBaile Átha Cliath/lena ghleo tráchta gan stad".

Cuma é fealsúnacht saoil nó deismireacht fhileata, measaim gur coincheap fíorshuimiúil, fíorthábhachtach é fallás na truamhéala, coincheap a sholáthraíonn ábhar machnaimh dúinn go léir agus a shaibhríonn go mór ár dtuiscint ar an domhan mórthimpeall orainn.

Is scríbhneoir agus file é Mícheál Ó Ruairc. Is é Daoine a Itheann Daoine (Cló Iar-Chonnacht) a leabhar is déanaí

na dúilethe elements – fallás na truamhéalapathetic fallacy – pandiachpantheist (worshipper of nature) – pansíceachpanpsychic – ragairnerevelry – collaícarnal – deismireacht fhileatapoetic conceit – claonadhtendency – aoibhexpression – geanmnaíochtpurity – go diongbháiltefirmly – rialtóirruler – staicstandstill