Feachtas brici

Cuirfidh aos dána na hÉireann tús le feachtas Ceannaigh Bríce thar ceann Choláiste Eoin/Íosagáin, san oíche amárach ag 8 p.m. …

Cuirfidh aos dána na hÉireann tús le feachtas Ceannaigh Bríce thar ceann Choláiste Eoin/Íosagáin, san oíche amárach ag 8 p.m. i gclubtheach Kilmacud Crokes, Baile Átha Cliath.

Iarchathaoirleach Bhord na Gaeilge agus an tráchtaire spóirt is clúití in Éirinn, Micheál Ó Muircheartaigh, a bheidh ina fhear an tí don ócáid.

Ar na daoine eile a bheidh i láthair, beidh iarscoláirí Liam agus Colm Maonlaí, an peileadóir Coman Goggins, Frances Black, amhránaí, Na Casadaigh agus Danu.

Is í aidhm an fheachtais ?800,000 a bhailiú le bailchríoch a chur ar an scoil agus an halla nua atá á dtógáil faoi láthair. Tá brící ar fáil ar ?100 an ceann. Eolas: 01-2884028

READ MORE


TÁ Europus, an comhlacht a chuireann an tseirbhís teilitéacs ar fáil do TG4, i mbun comórtas Vailintín. Níl le déanamh ach scéal, 100 focal ar a mhéid, a scríobh faoin rómánsaíocht. Cuirfear an scéal buach ar Théacs TG4 agus bainfidh an scríbhneoir is rómánsúla deireadh seachtaine do bheirt in Óstán na Sceilge, Co Chiarraí. Iarratais go: Europus, Téacs TG4, an Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe nó teacs@indigo.ie