Feile Chonallach

Tá Oireachtas na Gaeilge ar siúl i Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall, faoi láthair agus mairfidh an fhéile go dtí an Domhnach…

Tá Oireachtas na Gaeilge ar siúl i Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall, faoi láthair agus mairfidh an fhéile go dtí an Domhnach.

Beidh ceolchoirm, Na Fidléirí Conallacha, ar siúl san oíche anocht ag 8 p.m. sa Ghrianán agus seolfaidh bean de na fidléirí clúiteacha céanna, Máiréad Ní Mhaonaigh, taispeántas ealaíne, Seoid na nOileán, amárach ag 7 p.m. sa Ghrianán. Beidh saothar le healaíontóirí ó gach oileán Éireannach ar taispeáint.

Beidh deis ag lucht féile an chéad spléachadh a fháil ar FFC, sraithdhráma nua grinn de chuid TG4 atá lonnaithe in iar-thuaisceart Dhún na nGall. Is ag 5 p.m. Dé hAoine in Óstán Mount Errigal a dhéanfar craoladh ar chlár uimhir a haon den tsraith.

Agus beidh seimineár poiblí ar "Pobal, Teanga, Pleanáil: cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht" ar siúl san óstán céanna ag 5 p.m. Dé Sathairn. Ar an phainéal, beidh: an t-abhcóide Eoin Ó hIcí; an gníomhaí pobail agus léachtóir matamaitice, Donncha Ó hÉallaithe; ball tofa Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó Scanaill agus an tAire Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív. Is é tánaiste Chonradh na Gaeilge, Daithí Mac Cárthaigh, a bheidh ina chathaoirleach ar an seimineár.

READ MORE

Agus beidh príomhchomórtas sean-nóis na hÉireann, Corn Uí Riada, ar siúl ag 7 p.m. in Óstán Mount Errigal oíche Shathairn. Beidh Raidió na Gaeltachta á chraoladh beo.