Feile TG4

Tá cúig chlár de chuid TG4 san iomaíocht do dhuaiseanna ag an Fhéile Idirnáisiúnta Cheilteach Scannán agus Teilifíse 2004 a bheidh…

Tá cúig chlár de chuid TG4 san iomaíocht do dhuaiseanna ag an Fhéile Idirnáisiúnta Cheilteach Scannán agus Teilifíse 2004 a bheidh ar siúl in Albain ag deireadh mhí an Mhárta.

Giúiré náisiúnta na hÉireann a roghnaigh na cláir agus beidh siad san iomaíocht le cláir ó thíortha Ceilteacha eile ag an chéim idirnáisiúnta.

Is iad na cláir atá i gceist: Bás sa Chliabhán; Frank Ned agus Busy Lizzie; Harry Clarke: Dorchadas i Solas; Amú Amigos: Amazon; Yu Ming is Ainm Dom.

Dúirt Eagarthóir Sinsearach Coimisiúnaithe TG4, Micheál Ó Meallaigh, gur léirigh na hainmniúcháin aibíocht agus úire chláir an stáisiúin.