Fiach fada an ghra

Beocheist: Ní chuireann sé aon rud i gcuimhne dom ach duine ag fiach i bhforaoiseacha dainséaracha lena chuid fearais agus trealaimh…

Beocheist: Ní chuireann sé aon rud i gcuimhne dom ach duine ag fiach i bhforaoiseacha dainséaracha lena chuid fearais agus trealaimh lena ais. An duais - an fear. Thar na blianta cheapfá go mbeadh cúrsaí athraithe; cheapfá go mbeadh dul chun cinn éigin déanta ag mná, ach mo léan, níl.

Táid fós amuigh i gcroí dorcha na hoíche ag fiach. Ar tóir fearaibh. Ag fiach fir. Ó aois Shadhbh go haois Sex and the City, tá faic na grást athraithe. Tá na mná fós ag iarraidh an éacht luachmhar sin a bhaint amach.

Bíonn airm i gceist le gach cogadh agus níl an cogadh seo aon ní difriúil. In ionad buamaí, is airm níos deise atá i gceist: Mabelline in ionad M16; gúna in ionad gunna.

Ach tá an troid seo díreach chomh fíochmhar agus lán d'fhoréigean le haon chogadh eile. Is é an t-aon difríocht amháin ann gur cogadh ciúin é seo a throidtear i gclubanna oíche agus i dtithe tábhairne suas agus síos an tír seo.

READ MORE

An namhaid? Gach uile bhean eile. Is cogadh an-nimhneach é seo ionas gur féidir an cara is fearr leat bheith ina namhaid is dainséaraí duit ag an am céanna. Chím é gach oíche a théim amach, mná cancracha cíocracha cráite. Ag tabhairt drochshúil duit má dhéanann tú oiread is barr do mhéara a leagadh ar a buachaill.

Cuma ghruama orthu do gach uile namhaid eile agus cuma mhealltach mhilis don gcreach. An bhfuil sé níos fearr bheith páirteach sa rás amaideach seo? Táid amuigh fós ag fiach lena beolaí daite, miodóg péinteálta. Gruaig mhínádúrtha lom dhíreach.

In ionad diamaint, is cosúil gurb é an cara is fearr atá ag cailín sa lá atá inniu ann ná a GHD. An glór uafásach sin, mná agus fir ag radaireacht lena chéile ag iarraidh an t-uaigneas a bhacadh ar feadh scaithimh eile ar aon nós.

Agus mo léan agus mallacht lofa ar an mbean a thagann idir an fiagaí agus í i ngiorracht den duais. Gan dabht ar bith tá foirmle ag baint, rialacha, coinníollacha a gcaithfí cloí leo ionas go mbeirfidh tú air. Caithfidh tú an duine a phiocadh amach as an slua.

Agus tar éis tamaill fhada do bheith ag stánadh ar an nduine tá sé in am deireadh a chur leis an bhfiach pearsanta, nua-aimseartha seo.

Conas é a dhéanamh? Bíonn sé níos éascaí teacht ar dhuine scartha ón slua, in ionad duine i measc scata daoine. Conas a chuirfidh tú in iúl dos na fiagathe eile go bhfuil an ceann seo imithe ón ngort troda, ón ngort cogaidh? Tá slite difriúla ag daoine.

Damhsaigh suas chun tú féin a chur in iúl b'fhéidir, an seanchleas sin, bualadh i gcoinne an duine "trí thimpiste". Gan amhras, in aon troid deacair, bíonn diúltú tar éis diúltaithe.

Ach, ar nós an tsaighdiúra mhaith, ní féidir diúltú tú a stopadh. Ní féidir géilleadh don uaigneas. Táid fós ag lapadaíl trí na sluaite chun teacht ar an nduine speisialta sin a chuirfidh stop leis an troid go léir.

Cén fáth? An bhfuil sé chomh holc san é a thógaint réidh agus bheith i d'aonar, an bhfuil páirtí chun na mná seo a shásamh, chun daoine níos ildánaí a dhéanamh dóibh? Ní dóigh liom é.

Tá obair fhíochmhar roimh aos óg an lae inniu agus, mo léan, is iad mná atá fós ag iarraidh crot a chur orthu féin le brí agus tábhacht a chur ar a saoil trí fhear a fháil - d'ainneoin na cainte a dhéantar ar chearta ionannas ban.

B'fheidir nach iad na fir atá ag déileáil leis an inscne eile ar nós gur píosaí feola iad nó duais gur féidir a thabhairt abhaile agus crochadh ar an bhalla.

Is é an t-aon réiteach atá ar an bhfadhb ná gan baint ná páirt bheith agat leis an troid seo. Níl gá leis an ngothaí troda seo.

Athraíonn intinn duine má bhíonn sí rósháite isteach sna cúrsaí seo, cailltear pearsantacht duine i measc na mionsciortanna.

Níl ciall ná meabhair ag baint leis. Ímpím oraibh, a chailíní ciallmhara, éirígí as. Fág na foraoiseacha agus an troid, tóg go réidh é. Gearraigí siar bhur n-iongaí agus síocháin libh.