Filleadh fada na nIarlaí

Beocheist/Éilis Ní Anluain Mar a tharlaíonn blianta comóraidh tagann tráth go n-airímid go bhfuil an scéal ar fad inste. Ní …

Beocheist/Éilis Ní AnluainMar a tharlaíonn blianta comóraidh tagann tráth go n-airímid go bhfuil an scéal ar fad inste. Ní foláir gur bliain eisceachtúil í seo. Ní hé amháin go bhfuil comóradh dúbailte i gceist, is é sin bunú Choláiste San Antaine na bProinsiasach sa Lobháin i mí Bealtaine na bliana 1607 agus Imeacht na nIarlaí, Ó Néill agus Ó Dónaill, ceithre mhí ina dhiaidh sin.

Ach rud eile, in ainneoin an líon mór deireadh seachtainí léannta agus taispeántaisí a bhí ar siúl go dtí seo, tá cuid eile fós le teacht.

Ó Rath Maoláin, Co Dhún na nGall, 400 bliain ó shin ar an 14ú Meán Fómhair a d'imigh na hIarlaí. Ní haon ionadh mar sin ceiliúradh mór bheith sa cheantar sin go deireadh na seachtaine seo. Tá an Jeannie Johnston ag teacht ann inniu agus cead isteach saor in aisce Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh. Ar an Déardaoin osclófar taispeántas i Músaem an Chontae i Leitir Ceanainn, ina mbeidh cáipéisí ón 16ú agus 17ú haois, cuid acu ar iasacht ón Spáinn agus ó Shasana agus síniú na nIarlaí orthu.

Tá rogha mhaith siamsaíochta an oíche sin - ceol agus filíocht i Leitir Ceanainn le Liam Ó Maonlaí agus Cathal Ó Searcaigh, seiteanna agus damhsaí céilí i Rath Maoláin agus an oíche dheireanach de Making History, dráma Brian Friel faoi Aodh Ó Néill. (Díol spéise an chamchuairt a rinne complacht Ouroboros an samhradh seo - cuireadh an dráma seo ar stáitse in 22 áit, i gceithre chúige na tíre a raibh ceangal idir iad agus saol Uí Néill.)

READ MORE

Tá an tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa le leacht chuimhneacháin a nochtadh ar an trá Dé hAoine agus déanfar athléiriú ansin ar an Imeacht féin. Ó tharla tábhacht faoi leith bheith ag baint leis an 14ú tá dhá chomhdháil eile ar siúl ar an Aoine agus an Satharn seo chugainn, ceann acu i bPáras, "The Earl Legacy in France 1607-1815" agus ceann eile níos gaire do bhaile (agus gan táille) i Má Nuad, "Irish Europe: texts; languages and cultures".

Tá dhá chomhdháil eile geallta do mhí Dheireadh Fómhair ón 12ú-13ú i nGaillimh "An Lobháin 1607-2007" agus ón 26ú-28ú sa Róimh "Awakening Irish Identities: The Ulster Earls in Baroque Europe". Agus an ceann deireanach de dhosaen ar a laghad i mbliana, 16ú-17ú Samhain, i Leabharlann an Chairdinéil Ó Fiaich, Ard Mhacha, "The Departure and Exile of the Earls".

Nuair a bhreathnaím siar ar bhliain seo chomóradh bhunú an choláiste Éireannaigh sa Lobháin agus imeacht na nIarlaí ó Éirinn, seasann dhá rud amach. Sraith raidió Chathail Póirtéir inar léigh Nollaig Ó Muraíle sleachta as dialann Thaidhg Uí Chianáin a bhí ar an turas leo agus turas gearr traenach a rinne mé ón Bhruiséil go dtí an Lobháin.

Bhí Ó Cianáin leis na hIarlaí trí mhórán tíortha na hEorpa gur bhaineadar amach an Róimh ar an 29ú Aibreán 1608. Tá sult ar leith le baint as an dialann, ní hé amháin í bheith comhaimseartha ach tá freisin nua-aimsearthacht na bhfocal a cheapann "fear a scríofa" le cur síos ar choincheapa nua: "seicreatáir" ar rúnaí; "bioláiste" ar shráidbhaile nó, mar mhalairt ar fhocail bhunaithe, "ruibhéar" ar abhainn, mar shampla.

I measc 200 focal den sórt sin is é an ceann is mó a thugtar suntas dó ná an chéad sampla i nGaeilge den focal "náisión" ón Spáinnis "nacion" agus ag caint ar náisiún is spéisiúil gur "Éireannaigh" a thugann sé ar mhuintir a thíre, seachas Gael, a bhfuil seanchoimhlint idir é agus Gall.

Bhí a fhios againn go raibh an coláiste bainte amach againn nuair a chonaiceamar "Do chum Glóire Dé agus Onóra na hÉireann" sa chló Gaelach ar an áirse os cionn an gheata. Tá cearnóg an bhaile ina mhionleagan de Grand Place maisithe meánaoiseach na Bruiséile agus is ann a chaitheamar maidin thaitneamhach ag comhrá le seanchara Proinsiasach a d'inis dúinn faoi na bráithre mór le rá a bhí ann roimhe. Flaithrí Ó Maolchonaire a bhunaigh an coláiste le tacaíocht ó Philib III na Spáinne agus ón Phápa Pól V; Mícheál Ó Cléirigh a d'fhill ar Éirinn le lámhscríbhinní a bhailiú agus stiúir a dhéanamh ar scríobh Annálacha Ríoghachta Éireann nó na Ceithre Máistrí agus John Colgan a scríobh Acta Sanctorum Hiberniae nó Beathaí na Naomh.

Mar chlabhsúr ar an mbliain mhór seo tá taispeántaisí ar siúl ó Dheireadh Fómhair go Nollaig i gColáiste na Tríonóide: "Scríobh Stair na hÉireann: na Ceithre Máistrí", sa Músaem Náisiúnta i mBeairic Uí Choileáin - "Éacht Proinsiasach: Miotalóireacht Eaglaise in Éirinn 1600-1750" agus i Sráid Chill Dara - "Éireannaigh ar an Mór-roinn tar éis 1607".