Fís, fuaim agus focal na meán cumarsáide

Tuarascáil: Fadó, fadó, ní raibh i gceist le nuacht na Gaeilge ach beirt sheanleaids i gclub Chonradh na Gaeilge ag cúlchaint…

Tuarascáil:Fadó, fadó, ní raibh i gceist le nuacht na Gaeilge ach beirt sheanleaids i gclub Chonradh na Gaeilge ag cúlchaint faoin tríú duine a bhí i ndiaidh dul go teach an asail. Ní hamhlaidh an scéal anois. Tá aicme ghairmiúil iriseoirí ag déanamh slí bheatha as an iriseoireacht ar an dul céanna lena gcomhghleacaithe Béarla.

Tá iriseoireacht na Gaeilge ina hábhar ollscoile agus seo anois lámhleabhar, Ar an Taifead: fís, fuaim, focal (Cois Life, €20) le Breandán Delap a chuireann síos ar réimsí na hiriseoireachta agus a bhfuil míreanna beaga ann le hiriseoirí RTÉ, TG4, RnaG agus, go fiú is go bhfuil iriseoir tablóideach ina measc. (Tá mír bheag leis an cholúnaí seo sa leabhar fosta.)

Bíodh sé ceart nó éigeart, is é bunú sheirbhís nuachta TG4 an léiriú is mó den bhorradh faoi na meáin chumarsáide Ghaeilge. Is iad a chuir "fís" le "fuaim" agus is cuí gur clár-eagarthóir nuachta de chuid TG4, Breandán Delap, a scríobh Ar an Taifead - cé gur chuir sé tús lena shlí bheatha mar iriseoir leis an nuachtán, Foinse.

Is maith mar a chuireann léargas eolach Delap agus teistiméireacht na n-iriseoirí eile le chéile le scéal comhaimseartha na meán cumarsáide a insint. Déanann an leabhar cur síos ar fhoinsí nuachta, ar thuairisciú teilifíse, ar obair raidió, ar thuairiscí polaitiúla, ar chúrsaí dlí agus ar mheáin nua an Idirlín.

READ MORE

Baineann réimse na meán geit asat. Ní raibh am ar bith riamh i stair na teanga a raibh an oiread sin daoine ag plé le cúrsaí nuachta agus cumarsáide. Tá na hIarlaí imithe ach tá deiseanna, áiseanna agus airgead ag iriseoirí na Gaeilge a chuirfeadh éad ar fhilí a linne.

Agus an fiú mórán mar sheirbhísí iad? Is fiú - don chuid is mó. Tá rogha ann nach raibh ann roimhe. Mura bhfuil dúil agat i seirbhís TG4, tig leat éisteacht le RnaG. Má tá RnaG rósheanfhaiseanta agat, tig leat amharc ar Beo! Mura dtaitníonn iris Idirlín leat, tig leat nuachtán ceart, Foinse, a cheannach.

Ní hionann sin agus a rá nach bhfuil laigí ann. Scríobhann Delap: "Níor mhór a admháil fosta nach gá go mbeadh an caighdeán ardaithe de réir an mhéid a tháirgtear. Mar a dúirt an té a dúirt: "Never mind the quality, feel the Gaelic." Is minic nach mbíonn na meáin Ghaeilge chomh géarchúiseach nó imscrúdaitheach is ba cheart dóibh a bheith agus bíonn neart buaileam sciath ar siúl faoin mhéid blianta torthúla atá curtha isteach acu.

"Is annamh iad ag feidhmiú san áit ar thibhe buillí agus ar thréine teagmháil ... b'fhéidir go bhfuil sé in am anois ag iriseoirí na Gaeilge níos mó ama a chaitheamh ag tochailt agus ag salú a gcuid lámh."

Sin an dúshlán. Ach má thochlaíonn agus má shalaíonn, an mbeidh an dream ceoch sin, lucht na Gaeilge, buíoch díobh?

Fluffy foras

Tá an clár réamhscolaíochta Fluffy Gardens, a chraoltar ar Den RTÉ 2, anois ar fáil ar DVD i nGaeilge agus i mBéarla. Tá rún ag RTÉ an clár a chraoladh uair amháin i mBéarla ar maidin agus uair amháin i nGaeilge san iarnóin ón mhí seo ar aghaidh.

Dúirt leas-phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Tomás Ó Ruairc, gur chuir siad fáilte "roimh imeascadh na Gaeilge i gcláir RTÉ le haghaidh daoine óga agus tá súil againn go leathnófar air seo amach anseo.

"Déanann Foras na Gaeilge gach iarracht daoine a spreagadh chun an cúpla focal nó roinnt frásaí a úsáid i rith an lae agus creidimid go láidir go dtabharfaidh Fluffy Gardens spreagadh do naonraí, dá dtuismitheoirí, dá ndeartháireacha agus dá ndeirfiúracha an Ghaeilge a úsáid."

Comórtas cumann

Thug an Roinn Oideachais agus Eolaíochta €16,500 do Ghlór na nGael le comórtas idir na cumainn Ghaelacha sna coláistí tríú leibhéal a reáchtáil.

Chuir Glór na nGael tús le Duais na gCumann Gaelach sna Coláistí Tríú Leibhéal anuraidh. Bronnann an t-eagras duais ar an chumann mac léinn a dhéanann an iarracht is fearr leis an Ghaeilge a chur chun cinn i saol an choláiste.

Tugtar marcanna do na cumainn as timpeallacht an choláiste a ghaelú agus deiseanna labhairt na Gaeilge a chruthú do mhic léinn agus bhaill foirne na hinstitiúide.

Dúirt ceannaire Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann: "Is gné nua chorraitheach é seo den chomórtas náisiúnta. Táimid iontach sásta leis an tacaíocht atá an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ag tabhairt dó agus táimid ag dréim go mór le torthaí tiomantais s'acu a fheiceáil i rith na bliana seo chugainn."

Tá Glór na nGael anois ar lorg cumainn le páirt a ghlacadh i gcomórtas na bliana seo.

Eolas: marcas@glornangael.ie nó 01-6447600

Gradam na leabhar

D'fhógair Bord na Leabhar Gaeilge a ngearrliosta do Leabhar na Bliana ar ócáid i mBaile Átha Cliath inné. Bronnann siad an duais bhliantúil seo mar aitheantas d'obair na bhfoilsitheoirí go príomha. Cúig leabhar atá san iomaíocht do Leabhar na Bliana Do Dhaoine Fásta: Sanas (Cois Life) le Liam Ó Muirthile; An Bóthar go Santiago (Cois Life) le Mícheál de Barra; Aiséirí/Requiem (Cló Chaisil) le hEoin Mac Lochlainn agus Ciarán Ó Coigligh; Mise An Fear Ceoil: Séamus Ennis - Dialann Taistil 1942-1946 (Cló Iar-Chonnachta) Ríonach Uí Ógáin a chuir in eagar agus Gearrscéalta Ár Linne (Cló Iar-Chonnachta) Brian Ó Conchubhair a chuir in eagar. Tá ceithre leabhar san iomaíocht do ghradam na ndaoine óga: An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín (Coiscéim) le Biddy Jenkinson agus Ríbó; Ag Taisteal le Tarlach sa tSeapáin (An Gúm) le Laoise Ní Chomhraí; Buaic (Cois Life) le Dermot Somers agus Gaiscíoch na Beilte Uaine (An tSnáthaid Mhór) le Caitríona Nic Sheáin agus Andrew Whitson. Fógróidh an bord an buaiteoir mí na Samhna.

éigeartwrong - físvision - fuaimsound - gnéaspect - imscrúdaitheachinvestigative - timpeallachtenvironment