Focail le gaoth

Beocheist: Bhíos ag éisteacht le díospóireacht ar an raidió le déanaí. Bhuel..

Beocheist: Bhíos ag éisteacht le díospóireacht ar an raidió le déanaí. Bhuel... bhí sé in ainm is a bheith ina dhíospóireacht, ach ní raibh ann i ndáiríre ach babhta báirsíochta idir beirt a shíl, de réir cosúlachta, nárbh fhearr bealach leis an gcraobh a bhreith ná an duine eile a choimeád ón bhfocal fánach féin a chur isteach sa chaint.

Bhí siad ag béicíl ar a chéile in ard a gcinn agus mise mar dhuine níor fhéadas ciall dá laghad a dhéanamh as an méid a bhí á rá acu, gan trácht ar bhreith mheáite a thabhairt faoin taobh ag a raibh an ceart.

Bheadh sé greannmhar mura mbeadh gurbh ábhar tábhachtach do thodhchaí phobal na tíre seo a bhí á phlé.

Agus mura mbeadh, ina theannta sin, gurbh Aire de chuid an Rialtais agus polaiteoir sinsearach eile a d'fhéadfadh bheith ina Aire amach anseo - beirt go mbeifí ag coinne leis an gcaint chiallmhar agus leis an iompar stuama uathu - a bhí ag glacadh páirt sa chlár.

READ MORE

Ba chúis fhaoisimh liom é nuair a d'fhógair an té a bhí i mbun an clár a riaradh go raibh an t-am istigh agus nár bhfoláir an scéal a fhágáil mar a bhí.

Cibé toradh a bhí ar an gclár áirithe sin níor bhaol gur áitigh ceachtar den bheirt tada ar a chéile comhraic, ná gur tháinig athrú aigne ar bith ar aon duine díobh dá bharr.

Ba é a rith liom ná seo - má bhí eolas dá laghad acu ar shaothar Voltaire gur dhearmad leo na focail a chuir sé i mbéal carachtair amháin dá chuid: "I do not agree with what you say, but I will defend to the death your right to say it."

Ar ndóigh, seans gur ráiméis ar fad í caint úd Voltaire i saol an lae inniu. Cad is fiú duit rud a rá nuair nach bhfuil duine ar bith ag éisteacht leat?

Ní raibh aon cheist ach nár airigh ceachtar den bheirt sin an méid a bhí le rá ag an duine eile - agus nár spéis leis é ach an oiread. Go deimhin, is ceist le háireamh í an éisteann polaiteoirí lena chéile riamh, nó an é an dualgas a fheiceann siad bheith orthu ná a chur go dícheallach in aghaidh cibé ní a bhíonn á mholadh ag lucht an pháirtí eile is gan éisteacht dá laghad a thabhairt do na cúiseanna is bun lena bhfuil á rá acusan.

Ach ní chuig na polaiteoirí go háirithe atá mé leis an tagairt seo agam do "bhodhaire Uí Laoghaire", munar miste go dtabharfainn san air. Is tréith de chuid ár linne í, feictear dom, an nós seo gan éisteacht ach ar éigean leis an méid a bhíonn á rá linn.

Ní éisteann leanaí lena dtuismitheoirí a thuilleadh, de réir dealraimh, agus má airíonn siadsan a mbíonn á rá ag an ngin annamh go leor a thugann siad aird air is go dtuigeann i gceart cad a bhíonn á rá acu, cad a bhíonn ag déanamh buairimh dóibh agus cad é go díreach an cineál cabhrach ba cheart a thabhairt dóibh.

Ar ndóigh, tá ualaigh le hiompar ag lánúineacha an lae inniu nach mbíodh ar a sinsear - go háirithe sa chás ina mbíonn an bheirt acu gafa le hobair lae lasmuigh den tigh - rud nach bhfágann an t-am acu le héisteacht leis an dream óg.

Ach más fíor san, nach mór an trua é, agus sinn ar ár ndícheall ag iarraidh teacht ar réiteach ar na fadhbanna uile atá ag cur ar an óige - an domheanma, abair, agus an foréigean agus na drugaí agus an féinmharú

An éisteann an pobal mór leis an gcléir anois? Ní dóigh liomsa é; ar a laghad ní dóigh liom go n-éisteann mórán den dream óg leo, ar aon chuma. Agus an éisteann an chléir leosan atá in ainm is a bheith faoina gcúram acu? Seans gurb ag dul i bhfiontar mo choinnealbháite atá mé nuair adeirim nach dóigh liom go n-éisteann.

Dá gcloisfeadh an chléir in eaglais amháin, a thaithím féin anois is arís, agus dá n-éisteoidís lena mbíonn á rá ag daoine ag dul an geata amach faoin tsíorbhéim a chuirtear sna seanmóirí ar ábhair áirithe - an t-airgead, mar shampla - déarfainn gur gearr go dtarraingeoidís ábhair eile chucu.

Thosaigh mé leis an raidió agus is airsean ba mhaith liom filleadh. Bhí clár an-suimiúil le cloisteáil air le déanaí, ina raibh fear á chur faoi agallamh faoin saol i dtír thar lear ina raibh deacrachtaí uafásacha le réiteach.

Bhí an-eolas aige faoin scéal agus d'fhanfá go maidin ag éisteacht leis - dá mbeadh deis chainte aige, rud nach raibh. Cuirtí ceist air, ach ní ligtí dó freagra a thabhairt sara gcuirtí an chéad cheann eile. Dob ionadh liom nár fhógair an fear macánta in ainm an diabhail iad agus imeacht leis as an áit ar fad.

Mar fhocal scoir, is fiú a mheabhrú go bhfuil an dá chiall againn sa Ghaeilge leis an bhfocal "éist" - agus ciall amháin díobh sin ná "Dún do bhéal!"