Fógraí Breatnaise/Béarla agus glúin Brian O'Driscoll

THUG MÉ cuairt an-ghairid ar an Bhreatain Bheag ag an deireadh seachtaine

THUG MÉ cuairt an-ghairid ar an Bhreatain Bheag ag an deireadh seachtaine. Cuireadh go Cardiff le labhairt faoin scríbhneoir Seosamh Mac Grianna a thug anonn mé. Chaith an Griannach roinnt míonna sa chathair agus sa Bhreatain Bhig sna 1930í agus scríobh faoina shaol ann.

Ag fanacht leis an eitleán, tháinig dream cultúrtha eile sa treo - buíon fear óg ólta de chuid an CLG agus iad ag dul anonn go Caerdydd ar son ragairne; bhí fear den chomhluadar le pósadh.

Bhí na málaí spóirt breac lógó CLG agus logainmneacha Gaelacha agus ní raibh siad gan Ghaeilge ar fad: "What's the craic, boys?" (Lena gceart a thabhairt dóibh, callánach a bhí siad seachas colgach.)

Ar thuirlingt i gCaerdydd go moch ar maidin, fuair mé tacsaí. Chuir na fógraí bóthair iontas orm - iad uilig dátheangach agus slachtmhar. Go fiú is go raibh fógraí Breatnaise/Béarla le feiceáil ar Tescos agus ar shiopaí eile. D'fhiafraigh mé den tiománaí a raibh mórán Breatnaise sa chathair agus dúirt sé nach raibh - rud a shéan lucht na Breatnaise ar ball, dála an scéil.

READ MORE

Ní raibh Breatnais aige féin ach bhí ar a iníon staidéar a dhéanamh uirthi ar bhunscoil. Bhí sí anois ar mheánscoil agus droim láimhe tugtha aici leis an teanga. Sin mar ab fhearr leis féin é. Níorbh fhiú Breatnais taobh amuigh den Bhreatain Bheag ach b'fhéidir go mbainfeadh sí tairbhe as Fraincis, a dúirt sé.

D'fhiafraigh sé díom conas mar a bhí glúin Brian O'Driscoll agus b'éigean dom a admháil nár bhain mé leis an aicme sin Éireannach a chuir spéis i nglúin Brian O'Driscoll. Ba chiotach an caidreamh Ceilteach é. Cén chiall a bhainfeadh an Griannach as?