Fómhar Ioslam

BEOCHEIST: IS DEACAIR a rá cé a bhaist “Earrach na hAraibe” ar an racht míshástachta atá fós ag cothú athruithe ar fud thuaisceart…

BEOCHEIST:IS DEACAIR a rá cé a bhaist "Earrach na hAraibe" ar an racht míshástachta atá fós ag cothú athruithe ar fud thuaisceart na hAfraice is an Mheán-Oirthir.

Tá sé nach mór dhá bhliain ó thosaigh an rabharta agóide poiblí sin, mí na Nollag 2010 nuair a chuir Mohamed Bouazizi lámh ina bhás féin trí thine i Sidi Bouzid na Túinéise, agus tá athruithe tromchúiseacha bainte amach aige i 20 tír ar a laghad.

Ar an agóid bheag neamh-mharthanach sa tsean-Seicslóváic in 1968 is dócha a bhí fo-eagarthóir sinsearach éigin i Londain ag smaoineamh, tráth éigin tamall de mhíonna tar éis tús na bparáidí is na léirsithe sa Túinéis agus san Éigipt, nuair a cheap sé an téarma “Arab Spring”.

Mar sin féin, tá oiriúnacht áirithe ag baint leis an téarma, más míchuí de bheagán é. Ní san Earrach ach i ndúluachair an Gheimhridh a thosaigh sé. Agus ní rialtas uathlathach ná deachtóireacht lárnach a bhí mar spreagadh ag na reibiliúnaithe, mar a bhí i gcás teip na dtíortha cumannacha san Eoraip i dtús na 1990í seo chuaigh tharainn.

READ MORE

Bhí cúiseanna iomadúla sna tíortha éagsúla a tháinig faoi anáil na gluaiseachta, ina measc cinnte rialtaisí tiarnasacha, ach díth oibre chomh maith; caimiléireacht agus míchleachtas na n-údarás chomh maith le boilsciú na bpraghasanna; agus sárú chearta daonna in áiteanna chomh maith le héileamh cearta in áiteanna eile.

Bhí na fadhbanna sin sa saol sna tíortha Arabacha, agus i dtíortha Muslamacha nach iad, le fada, rud a d’fhág go raibh tacaíocht do smaointeachtas na ndian-Mhuslamach ag fás de réir a chéile iontu.

D’fhógair an Bráithreachas Ioslamach – uaireanta faoi ainmneacha eile – go leigheasfaí na fadhbanna sin ach iad bheith i gcumhacht, agus tá a thoradh sin le feiceáil sna torthaí sna tíortha sin a raibh toghcháin iontu tar éis athruithe rialtais (agus bunreachta i gcásanna áirithe).

Ní léir go fóill cé chomh fada is a mhairfidh an tacaíocht sin, má éilíonn an Bráithreachas daingniú riail Sharia, an dlí mar a d’fhógair an Qu’ran é fadó, agus ina measc cuid de na cleachtais is mó a bhfuil col ag an saol Iartharach leo.

Ach b’fhéidir gurb í an fhadhb is mó don saol i gcoitinne go bhfuil an tEarrach seo ag dul i bhfad scéal, agus ag dul i ngéire, le gach mí a ghabhann tharainn.

Le tamall anuas, táthar ag cur síos ar an gcoimhlint sa tSiria mar “chogadh cathartha”, seachas mar éirí amach. Agus más cogadh cathartha é, tá sé ag dul i ndéine agus cosúlacht chogadh treibhe nó chogadh creidimh air.

Mar is eol dúinne abhus, tá cogaí mar sin ar na cinn is deacra a thabhairt chun críche.

D’fhéadfaí a rá gur thosaigh fadhb an Tuaiscirt s’againne an lá a d’fhoilsigh an tAgaistíneach clúiteach an Dr Mártan Liútar a chuid gearáin in aghaidh díol loghanna i Wittenberg in 1517.

Chuir sé sin tús le ré uafáis sa saol Críostaí, na céadta bliain de chogaí is de ghéarleanúint – ach mhúscail sé freisin intinní sa Róimh agus i measc údaráis na hEaglaise a bhí calcaithe le fada roimhe sin.

Níorbh fhada go raibh daoine ag ceistiú “fíricí”, is ag fógairt fionnachtana nua eolaíocha nach raibh na húdaráis chéanna puinn sásta leo.

Agus ós ag iarraidh na bunfhoinsí a chur ar fáil don phobal a chaith Liútar cuid mhaith dá dhúthracht ina dhiaidh sin, d’fhéadfaí a mhaíomh gur thuar é ar aois an tsaoráil faisnéise, agus deireadh le cinsireacht.

Is díol suime anois é go ndúirt an Dr Liútar ina dhiaidh sin, cé gur thacaigh sé leis an cogadh in aghaidh na dTurcach (sé sin le rá, fórsaí na Muslamach ag an am), nár chóir go bhfearfaí an cogadh ar bhonn creidimh.

Ach ba dheacair é sin a sheachaint, ó tharla go raibh luathstair Ioslam báite i bhfuil na n-oidhrí le Muhammed, agus lucht leanúna an chreidimh scoilte go buan laistigh de chúpla céad bliain ó d’fhógair sé an fhís a bhí tugtha dó sa bhliain 610AD.

Tá a fhios ag an saol anois faoin aighneas leanúnach idir na Sunni agus na Shi’a – aighneas a théann siar go dtí an t-ochtú haois. Ní aighneas é a réiteofar go síochánta lá ar bith go luath. Sin í an chúis, b’fhéidir, go bhfuil leisce ar thíortha an Iarthair taobh nó taobh eile a ghlacadh nuair atá éirí amach (nó cogadh cathartha) ar bun i dtíortha an Mheán-Oirthir faoi láthair.

Is cinnte go bhfuil cúiseanna eile ag tíortha ar leith – an Rúis is an tSín ach go háirithe – le dearcadh mionlaigh a ghlacadh ar an gceist.

Ach má chuirtear na rítheaghlaigh nó na deachtóireachtaí dá mbonna sa chuid sin den domhan a bhfuil Ioslam ina phríomhchreideamh ann, an iad na dianchreidmhigh Mhuslamacha a thiocfaidh ina n-áit?