Foras go Doire

Den chéad uair riamh, bhí cruinniú de bhord Fhoras na Gaeilge i nDoire thar an deireadh seachtaine

Den chéad uair riamh, bhí cruinniú de bhord Fhoras na Gaeilge i nDoire thar an deireadh seachtaine. Is sa Ghaeláras a tháinig an bord le chéile, ais-ionad cultúrtha agus teanga sa chathair.

Dúirt cathaoirleach an Fhorais, Maighréad Uí Mháirtín: "Caithfidh mé tréaslú le gach duine as an obair ar fad atá déanta i nDoire ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge. Tá toradh na hoibre sin le feiscint agus le cloisteáil i ngach áit timpeall na cathrach."

Dúirt comhalta boird agus stiúrthóir an Ghaelárais, Gearóid Ó hEara, "gur ócáid stairiúil thábhachtach í cuairt an Fhorais ar Dhoire. Thug sí seans do bhaill agus fhoireann an Fhorais sárobair ghníomhaithe na Gaeilge a fheiceáil anseo."