Foras 'mishasta'

Cháin Foras na Gaeilge an Rialtas as laghdú 11 faoin gcéad a dhéanamh ar a mbuiséad, á rá go raibh siad "díomách agus míshásta…

Cháin Foras na Gaeilge an Rialtas as laghdú 11 faoin gcéad a dhéanamh ar a mbuiséad, á rá go raibh siad "díomách agus míshásta" leis na ciorruithe.

I ráiteas, thug cathaoirleach an Fhorais, Maighréad Uí Mháirtín, le fios nach mbeadh an t-eagras in ann a gclár iomlán a chur i gcrích an bhliain seo chugainn de bharr an ghearradh siar airgid.

Dúirt urlabhraí nach dtiocfadh leo a rá faoi láthair cén tionchar a bheadh ag an ghearradh siar ar scéimeanna na n-eagras agus ar ghníomhaíocht an Fhorais féin. Bhí siad ar lorg cruinnithe leis an an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, leis an scéal a phlé agus soiléiriú a fháil.

Thug an t-eagras le fios go raibh "stádas Fhoras na Gaeilge mar ghníomhaireacht tras-teorann laghdaithe, go raibh creidiúint an Fhorais mar eagras Gaeilge uile-oileánda i mbaol, agus go bhféadfadh impleachtaí móra bheith ann do mhaoiniú na n-eagras Gaeilge agus tograí thuaidh agus theas don bhliain seo chugainn".

READ MORE

Lena chois sin, mhol an Foras 42 leasú i bhfoclaíocht Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Comhionannais). Rinneadh plé fosta ar Thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta. Tá na leasuithe agus tuairisc ar obair an Choimisiúin curtha ar aghaidh chun an Rialtais.