Gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí Gaeilge - O'Shea

TÁ URLABHRAÍ Gaeltachta agus Gaeilge de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, Brian O’Shea, ag moladh gur cheart athbhreithniú iomlán…

TÁ URLABHRAÍ Gaeltachta agus Gaeilge de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, Brian O’Shea, ag moladh gur cheart athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar chláir oibre agus thionscnaimh Ghaeilge. Ní bheidh rath nó bláth i ndán do Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge gan a leithéid a dhéanamh, a chreideann sé.

Ag caint leis an cholún seo, dúirt sé nach raibh “aon agallamh” ar siúl i measc an phobail faoin straitéis nó faoin teanga agus ba mhaith leis sin a leigheas.

Chreid O’Shea nach raibh “meon úinéireachta” ar an teanga i measc daoine agus go raibh ar an phobal i gcoitinne “dul i ngleic” leis an pholasaí má bhí “suim daoine” le múscailt.

“Is beag suim atá ag an bpobal sa nGaeilge,” a dúirt sé agus chreid sé gur mhinic go raibh an tacaíocht a thug siad di “bog”.

READ MORE

Ba mhúinteoir scoile ó cheart é, a dúirt sé, agus an chéad rud a dhéanfadh múinteoir ná cuspóir an cheachta a leagan amach: cá bhfuil muid ag dul; cén t-eolas atá againn agus cén t-eolas a ba cheart bheith againn?

I gcás na Gaeilge de, ní raibh sin amhlaidh. Bhí airgead á chaitheamh ar an teanga ach cad iad na spriocanna agus na cuspóirí a bhí ann?

An raibh bealaí níos fearr ann leis an airgead a chaitheamh? Bhí eolas cruinn ag teastáil ar a raibh ar siúl; cad é a bhí le hathrú agus conas an scéal a fheabhsú, a dúirt sé.

Mheas O’Shea go raibh os cionn leathbhilliún euro de chuid an cháiníocóra á chaitheamh ar thionscnaimh theanga ach ba dheacair uimhir chruinn a aimsiú.

Agus an scéal amhlaidh, ní raibh sé míréasúnta ceist a chur conas mar a bhí an t-airgead sin á chaitheamh agus an raibh luach a gcuid airgid á fháil ag an phobal as?

Ba cheart fáil amach cad iad na tionscnaimh a bhí ag fáil airgid; cad iad na cuspóirí a bhí acu; an raibh na cuspóirí sin á mbaint amach agus an raibh siad ag teacht le cuspóirí na straitéise 20 bliain, a dúirt sé

Ba ghá athruithe suntasacha a dhéanamh le sprioc 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge a bhaint amach agus ba chóir go mbeadh daoine réidh le roghanna deacra a dhéanamh nó ní raibh ag éirí le mórán de na polasaithe reatha, a chreid sé.

Mhol sé gur chóir go mbeadh cúram na straitéise 20 bliain ar Oifig an Taoisigh nó ba é an Taoiseach ab fhearr leis an pholasaí “a thiomáint”.

Chuir sé ceist scríofa Dála ar Aire na Gaeltachta, Pat Carey, faoin ábhar agus é ag iarraidh fáil amach cén rún a bhí aige, má bhí rún aige, taighde a lorg ón ERSI, ón Choimisinéir Teanga nó ó aon institiúid eile taighde le fáil amach cá mhéad a bhí á chaitheamh ar an Ghaeilge san earnáil phoiblí agus sa Stát.

Ba mhian le O’Shea fáil amach fosta cuspóir gach aon chláir, conas mar a bhí na cuspóirí sin á mbaint amach agus go ndéanfadh Carey ráiteas ar an cheist.