Gach aon ghluin ag athcheapadh an rotha as an nua

D'aimshigh mórán daoine ábhar mór grinn in iarrachtaí Bhéal Feirste an gradam a bhaint amach mar Chathair Chultúrtha na hEorpa…

D'aimshigh mórán daoine ábhar mór grinn in iarrachtaí Bhéal Feirste an gradam a bhaint amach mar Chathair Chultúrtha na hEorpa thar ceann an Ríocht Aontaithe. Béal Feirste na mbuamaí, na gcorp, an tseicteachais... Cuir leis an liosta de réir mar is mian leat.

Ní doiligh na lochtanna a aimsiú. Dá olcas an drochphoiblíocht, bhí easnamh ar smaointe an choiste a bhí freagrach as na deacrachtaí a shárú, Imagine Belfast. Níorbh ábhar iontais é, mar sin, nuair nár bhain Béal Feirste áit amach ar an ghearrliosta féin d'iarrthóirí chathair an chultúir.

Tá sé amuigh ar an drámadóir Joseph Tomelty go ndúirt sé faoin chathair gur "bloody awful place" a bhí ann do dhuine ar bith a raibh samhlaíocht aige. D'ainneoin sin, tá mórán ealaíontóirí fiúntacha luaite leis an áit - John Hewitt, file; Michael McLaverty, úrscéalaí agus Gerard Dillon, ealaíontóir, mar shampla.

Ní i gcónaí - nó go minic féin - a bhain na daoine seo aitheantas amach as a gcumas ealaíne i measc a phobail féin. Ag snámh in éadan an easa a bhí siad go minic. Tá cuimhne ag daoine d'aois áirithe ar Tomelty as a shobaldráma raidió, The McCooeys. Is annamh a léirítear, ámh, a shárdhráma, All Souls' Night. Uair amháin atá léiriú gairmiúil den saothar feicthe ag an scríbhneoir seo sa chathair.

READ MORE

Agus, in ainneoin an mhórtais a léiríonn daoine faoin chathair, ní éiríonn leo cuimhneachán mar is ceart a dhéanamh ar a gcuid ealaíontóirí. Tá irisleabhar grianghraf ann a bhfuil pictiúr de Gerard Dillon ann. "Getty St. entry" atá ag bun an phictiúir. Níor aithin lucht foilsithe an leabhair cé a bhí sa phictiúr. Agus níl mise á rá go n-aithneoinn é murach cara le heolas níos fearr ar na cúrsaí seo ná mé.

Ealaíontóir cumasach a bhí ann a chaith seal in iarthar na hÉireann; péintéir tí a thug droim láimhe leis an cheird sin le slí bheatha a bhaint amach mar ealaíontóir cruthaitheach.

Léiríonn Dillon leis an chanbhas - mar a léiríonn Tomelty leis an stáitse agus McLaverty leis an leathanach - go raibh ealaíontóirí beo beathaíoch i mBéal Feirste riamh anall.

Agus sin an teip is mó a bhain le hiarracht Imagine Belfast. Go fóill féin, níl saothar na ndaoine sin a bhain leis an chathair i mbéal an phobail. Ar chuala tú iomrá riamh ar Robert Lynd, fear de bhunadh Preispitéireach atá curtha i Reilig na Cathrach ar Bhóthar na bhFál? Scríobh Lynd faoi ainm cleite Y.Y. le linn na 1920í agus 1930í agus bhí luí aige le Sinn Féin agus le Conradh na Gaeilge. Bhuail sé lena bhean agus é ag freastal ar ranganna Gaeilge i Londain.

Tá tabhairt faoi deara iontach ina chuid aistí Béarla. Ach tá na haistí céanna as cló le fada fada. Cad é an difear a rinne Imagine Belfast do chlú agus do cháil Lynd?

Ba cheart a rá go bhfuil iarrachtaí déanta ag daoine individiúla aird a tharraingt ar Lynd, Tomelty agus scríbhneoirí eile nach iad. Agus ní argóint ar son na seandálaíochta liteartha nó ealaíne atá san alt seo. Ba cheart tacaíocht a chur ar fáil d'ealaíontóirí, fhoilsitheoirí, scríbhneoirí, comhaimseartha le go gcuirfeadh siad leis an oidhreacht atá acu.

Is é an donas áfach - bíodh Béal Feirste, Sligeach, Gaillimh nó Corcaigh i gceist - gur ag athcheapadh an rotha a bhíonn na húdaráis ealaíon go minic. Síleann gach glúin gurb iad an chéad dream a thosaigh a scríobh nó a phéinteáil. 'Tugtar' cultúr as an nua do dhaoine nuair is é fírinne an scéil é go raibh cultúr riamh acu.

Agus an rud atá fíor faoi Bhéal Feirste, an dara cathair is mó in Éirinn, tá sé fíor faoi mhórán eile áiteanna.