Gaeilge sa choras

Beidh díospóireacht phoiblí ar "The Future of the Irish Language in the Education System" san oíche anocht ag 7

Beidh díospóireacht phoiblí ar "The Future of the Irish Language in the Education System" san oíche anocht ag 7.30pm in Amharclann Davis, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Ar na cainteoirí, beidh an Dochtúir Kevin Williams, Léachtóir san Oideachas ar Institiúid Mater Dei; Tomás Ó Ruairc de chuid Fhoras na Gaeilge; an Dr Máire Ní Annracháin, Léachtóir le Gaeilge ar Ollscoil Mhá Nuad; an Dr. John Harris, Léachtóir Sinsearach ar Choláiste na Tríonóide agus an Dr Adrian Kelly, Rannóg an Aistriúcháin.

Pléifidh an painéal todhchaí na Gaeilge mar theanga bheo, taobh istigh agus taobh amuigh den rang; cad é na cearta atá ag lucht na Gaeilge; an bhfuil an teanga riachtanach do shaol cultúrtha na tíre seo agus an bhfuil ag éirí leis an Ghaeilge sa chóras bunscoile agus meánscoile?