Gaeilgeoir Polannach ar chúrsa teanga sa Ghaeltacht

TUARASCÁIL: IS POLANNACH MÉ agus tá mé i mo chónaí i gcathair bheag thionsclaíoch i lár na tíre

TUARASCÁIL:IS POLANNACH MÉ agus tá mé i mo chónaí i gcathair bheag thionsclaíoch i lár na tíre. Ní raibh mé ag obair in Éirinn riamh agus níl mé anois. Cuireann sé an-iontas ar Éireannaigh i gcónaí go bhfuil Gaeilge agam.

Ní thuigeann siad cén fáth go bhfuil mé á foghlaim, más gan tairbhe dom a leithéid a dhéanamh. Agus tá mise ag foghlaim Gaeilge mar tá sí ann, cé gur daoradh chun báis í. Tá sí seanda agus rúnda, an-spéisiúil agus an-chasta.

Chuaigh mé go Gaoth Dobhair, Co Dhún na nGall, chun cúrsa Gaeilge a dhéanamh anuraidh. Tá Gaoth Dobhair suite ar chósta thiar thuaidh Dhún na nGall agus is é an ceantar Gaeltachta is láidre in Éirinn é. Tá sé ar na ceantair is deise sa tír freisin.

Tá radharcanna ann nach bhfuil a sárú áit ar bith, idir cnoic, tránna agus lochanna. Léigh mé é sin ar an mbróisiúr a fuair mé ó Ghael Linn nuair a scríobh mé chucu le heolas a fháil ar na cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta a bheadh acu sa Ghaeltacht i rith an tSamhraidh.

READ MORE

Chonaic mé an áit sin le mo dhá shúil féin agus ní raibh aiféala orm ar chor ar bith. D'fhan mé ar na Doirí Beaga agus shiúlainn trí eastát mór tionsclaíoch go hAcadamh na hOllscolaíochta dhá uair gach lá, chuig na ranganna, na léachtaí nó na himeachtaí sóisialta a bhí ar siúl ann.

Ar an mbealach bhí mé ag féachaint ar an Eargail, an sliabh is airde sa chontae, i bhfad uaim, agus bhí an radharc go han-álainn ar fad. Tar éis na ranganna théinn liom féin go dtí an trá iargúlta agus bhínn ag siúl feadh an chladaigh ag éisteacht le fuaim chaoin na dtonnta, nó suas cosán caol go mullach an chnoic, idir tithe nua ar dtús, agus ansin idir páirceanna clochacha. Bhí ciúnas agus draíocht ann. Chuir siad seo brú oibre díom.

Chun an fhírinne a rá, ar dtús níor smaoinigh mé ar dhul go Dún na nGall chun cúrsa Gaeilge a dhéanamh. Is iad Conamara agus Corca Dhuibhne na háiteanna is fearr liom in Éirinn agus mar sin bhí ar intinn agam dul go ceann acu.

Chuardaigh mé an tIdirlíon agus fuair mé mórán cúrsaí do dhaoine fásta sa Cheathrú Rua, ach bhí siad ann do dhaoine a raibh baint acu le hoideachas in Éirinn. Níl mé ina measc siud, faraor.

Buíochas le Dia, tá Gael Linn ann agus reáchtálann siad cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta freisin. Tá tuiscint mhaith acu do Ghaeilgeoirí bochta atá ag lorg eolais. Bhí Áine Ó Cuireáin ó Ghael Linn an-chairdiúil agus an-fhoighneach liom. Chabhraigh sí liom lóistín a fháil, leibhéal an chúrsa a roghnú agus thug cead dom táille an chúrsa a íoc ar theacht. Tá mé fíorbhuíoch di.

Is é ceann de na haidhmeanna a bhí leis an gcúrsa ná a chruthú gur teanga bheo bheathach í an Ghaeilge. Go deimhin, bhí Gaeilge go hálainn ag na múinteoirí a bhí againn, ag na haíonna san Acadamh agus ag muintir na háite chomh maith.

Ach chuaigh mé go dtí an siopa i nDoirí Beaga oíche, chun roinnt bainne a cheannach, ach níorbh fhéidir liom é a fháil. D'fhiafraigh mé den fhreastalaí: "An féidir liom bainne a cheannach anseo?" "Yes, it's in the right-hand corner," a d'fhreagair sé.

Caithfidh sé gur chuala sé gur strainséir mé, ach rinne mé iarracht ar Ghaeilge a labhairt agus bhí súil agam í a chloisteáil, go háirithe sa Ghaeltacht. Chuir sé díomá orm.

Fiú amháin ar Oileán Thoraí, an t-oileán i bhfad ar an bhfarraige mhór ar thug mé cuairt air, le duine eile den chúrsa, ní raibh Gaeilge ar bith ag an gcailín beáir ach tharla gur Pholannach í! Cinnte gur chuir an Rí, Patsaí Dan Mac Ruairí, fáilte romhainn as Gaeilge, nuair a chuala sé go raibh sí againn, agus dúirt sé cúpla focal as Gaeilge linn sa teach tábhairne a raibh sé ag seinm ceoil ann.

NÍ ÉIREANNACH Ó dhúchas mé ar chor ar bith agus ní raibh Éireannaigh i measc mo mhuintire riamh. Ina theannta sin, ní raibh múinteoir Gaeilge agam riamh ach oiread. Tá mé ag foghlaim Gaeilge le ceithre bliana anuas, ach múinim mé féin.

Tá mé á foghlaim sa bhaile, ón Idirlíon, agus ó na leabhair, na dlúthdhioscaí agus na téipeanna a chuir mo chairde chugam ó Éirinn. Tá mé i mo bhall de ghrúpa foghlaimeoirí Gaeilge ar an Idirlíon. Seolaim a lán teachtaireachtaí ríomhphoist as Gaeilge chuig mo chairde agus chuig na liostaí sin.

Ar an drochuair, níl deis agam labhairt as Gaeilge sa bhaile. Níl aithne agam ar aon Ghaeilgeoir sa Pholainn. Dá bhrí sin, is féidir liom léamh agus scríobh as Gaeilge go réasúnta maith, ach tá sé an-deacair dom í a labhairt, cé gurb eol dom conas focail a fhuaimniú, agus tá sé níos deacra fós dom Gaeilge labhartha a thuiscint. Bím ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta agus ag féachaint ar an teilifís as Gaeilge ar an Idirlíon, ó am go chéile, ach ní thuigim mórán astu.

Ní raibh ach bliain ó shin nuair a fuair mé amach gurbh fhéidir liom é sin a dhéanamh. Ní fhéachaim ar na sobalchláracha as Polainnis, ar chor ar bith, ach féachaim ar Ros na Rún i gcónaí, mar gheall ar an teanga amháin!

Bhí mo bhealach chuig an gcúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht an-fhada agus an-deacair agus an-chorraitheach san am céanna.

Thosaigh mo shuim sa chultúr Gaelach nuair a bhí mé i méanscoil agus tháinig mé ar leabhar ar an miotaseolaíocht Ghaelach.

Danuta is ainm dom agus is ainm págánach é. Bhí sé an-suimiúil dom fáil amach go raibh bandia Ceilteach ann darbh ainm Danú agus go rabhthas á ceiliúradh ar eacaineacht an tSamhraidh. Bímse ag ceiliúradh lá m'ainm ar 24ú de Mheitheamh, rud a chuir iontas orm.

Ba é mo thuairim gur níos mó ná comhtharlú aisteach a bhí ann. Thosaigh mé ar leabhair faoi Éirinn, agus le húdair Éireannacha a léamh. I bhfad níos déanaí d'aistrigh mé House of Splendid Isolation le Edna O'Brien ó Bhéarla go Polainnis agus foilsíodh é.

Is údar Éireannach a thaispeáin Gaeilge dom. Bhí mé ag léamh leabhar as Béarla agus, gan choinne, tháinig mé ar abairtí as teanga an-aisteach nach bhfaca mé roimhe sin. Gearrscéalta a bhí ann agus bhí an abairt dheiridh, i ngach scéal, as an teanga rúnda sin.

Ní raibh a fhios agam cén teanga a bhí ann ach thomhais mé gur Gaeilge a bhí ann, mar gurbh Éireannach an t-údar. Scríobh mé síos na habairtí sin agus gheall mé dom féin go mbeinn in ann iad a thuiscint, luath nó mall. D'aistrigh mé mo chónaí cúpla uair ina dhiaidh sin ach thug mé na habairtí sin liom. Bhí siad ag fanacht ar feadh 13 bliain, ach tuigim anois iad. Is seanfhocail Ghaelacha iad.

Is mise comhordaitheoir an tionscadail idirnáisiúinta atá ar siúl le dhá bhliain anuas ar an scoil ina n-oibrím. Táimid á dhéanamh i gcomhar le scoil ó Éirinn agus trí scoil iasachta eile.

Anois tá mé ag múineadh Gaeilge, amhráin agus rincí Gaelacha do mo dhaltaí, agus taitníonn sé go mór leo, agus liom féin freisin. Táimid ag foghlaim faoin gcultúr Gaelach agus á chur chun cinn, idir scoil agus chathair.

Tá Danuta Czyzewska (51) ina múinteoir meánscoile i Zyrardów sa Pholainn. Teagscann sí Béarla agus Fisic. I nGaeilge a scríobh sí an t-alt seo.

acadamhacademy - aiféalaregret - aisteachstrange - comhordaitheoirco-ordinator - comhtharlúcoincidence - corraitheachmoving - foighneachpatient - foghlaimeoirlearner - IdirlíonInternet - miotaseolaíochtmythology - oideachaseducation - rúndasecret - spéisiúilinteresting - tionsclaíochindustrial