Gael-Linn ag suil le 50 bliain eile gno

Abair na focail 'eagras teanga' agus smaoinionn daoine go mithrocaireach ar sheomrai faoi dheannach agus seandaoine mantacha …

Abair na focail 'eagras teanga' agus smaoinionn daoine go mithrocaireach ar sheomrai faoi dheannach agus seandaoine mantacha ag troid ar son na cuise. Ni hionann go minic an iomha agus an fhirinne agus ni hionann iomha agus a ra nach mbionn deiseanna athnuachana ann.

Tá Gael-Linn ar an saol le 50 bliain. Bhí ócáid mhór cheiliúrtha acu oíche Luain i mBaile Átha Cliath agus an tUachtarán, Máire Mhic Giolla Íosa, i measc na n-aíonna.

Tá cuimhne ag an iriseoir seo - a rinne maciarrachtaí iriseoireachta le Anois - bheith ar cuairt i seanáras Ghael-Linn i gCearnóg Mhuirfean agus bhain, gan amhras, mothú sin na haoise agus an deannaigh leis an áit.

Ní hamlaidh anois, ámh, nó tá ceannáras nua acu ar Shráid an Dáma i mBaile Átha Cliath. Chomh húr sin agus atá sé go raibh na tógálaithe istigh ag cóiriú seomra thíos staighre, spás a mbainfear úsáid as mar dhánlann do cheardaíocht Ghaeltachta ar ball.

READ MORE

^M

Is ansin a cuireadh agallamh ar cheannasaí Ghael-Linn, Antoine Ó Coileáin, fear a chaith go leor blianta ar an taobh thall den chlaí agus é ina fheidhmeannach le Bord na Gaeilge (mar a bhí) agus ansin le Foras na Gaeilge.

Nuair a chuirtear ceist air cad é sórt eagrais é Gael-Linn, ní eagras teanga an freagra a thugann sé ach "eagras gnó" a bhunaigh "daoine sna 1950í a bhí míshásta le faillí an Stáit agus le mí-éifeacht na n-eagras Gaeilge ag an am". Ba é a gcuspóir simplí "gníomh a dhéanamh don Ghaeilge ach, murab ionann agus glúnta eile, thuigeadar gur theastaigh airgead chun obair na Gaeilge a dhéanamh, nach bhféadfaí bheith i dtaobh le ráitis agus le haighneachtaí; gur theastaigh an gníomh. Chonaiceadar féin an géarghá le hiarracht an phobail; daoine a chur ag obair iad féin seachas bheith ag fanacht leis an Stát teacht i gcabhair orthu".

Chuige sin, bhunaigh siad monarcha próiseála éisc sa Ghaeltacht agus chuir bád ar fáil d'iascairí. Gníomh "praiticiúil" a bhí ann agus is focal é sin a chluintear arís agus arís eile i gcaint Uí Choileáin.

Ní ghlacann sé go bhfuil "an drochphreas tuillte i gcónaí" ag eagrais dheonacha. Ba mhian le Gael-Linn dul "i gcion ar an mórphobal". Ceann de na bealtaí ba phraiticiúla a samhlaíodh dóibh leis sin a dhéanamh "na meáin a ionramháil agus a ghlacadh chucu féin". Rinne siad cláir raidió agus nuachtscannáin do phictiúrlanna an Stáit: "Seirbhís an-phraiticiúil a bhí ann. Ní raibh teacht ag pobal na hÉireann ar íomhánna d'imeachtaí dá gcuid féin. Go dtí sin, bhí siad ag brath ar Universal agus Pathé agus nuachtscannáin ón mBreatain. Bhí tóir orthu agus ó thaobh an phobail de bhí an Ghaeilge i gceist freisin.

"Ba bhealach é leis an Ghaeilge a chur os comhair an phobail. An pobal a spreagadh tré imeachtaí agus áiseanna agus deiseanna cainte agus ócáidí sóisialta a chur ar fáil. Roghnaigh Gael-Linn an gníomh praiticiúil comhpháirtíoch a fháil ón bpobal."

Go fóill féin, is é a mhian "an Ghaeilge agus cás na Gaeilge a chur ard ar an gclár náisiúnta; sa chaoi is go mothaíonn pobal na hÉireann gur leo an Ghaeilge. Ní bheadh Gael-Linn sásta dá mba rud é gur stádas mionteanga a bhí ag an nGaeilge".

Tá béarlagair chomhaimseartha na haoise ag Ó Coileáin ach, má tá féin, labhrann sé go macánta faoina chuid oibre. Is é an fhís phraiticiúil mana an eagrais. Ba mhaith leis "deis a thabhairt do daoine 'teacht ar bord'"; tá daoine báúil leis an teanga ach gearrtha amach; caithfidh deiseanna a chothú go mbeadh siad páirteach, go háirithe an t-aos óg, "daoine a bhí ag foghlaim na Gaeilge agus tré Ghaeilge ach nach bhfaca cúis nó cuspóir léi".

Reáchtálann siad comórtais agus díospóireachtaí scoile a "shlogann" na páistí isteach i ngan fhios dóibh féin. Tá dlúthdhiosca nua, Beir Bua, le cur ar an mhargadh, diosca a thugann eolas faoi eolaíocht agus mhata do dhaltaí scoile.

Níl dearmad déanta de dhaoine fásta agus Caifé Trí-D bunaithe trí bliana ó shin i lár Bhaile Átha Cliath. Táthar ag caint ar chur le huaireanta oscailte an chaifé le hoícheanta caidrimh bheith ann. Tá feachtas nua raidió le tosú ar ball ar na stáisiúin thráchtála, "blúiríní beaga" a chraoladh. "Níl mé ag rá go bhfuil chun claochlú a dhéanamh ar phatrún úsáid na Gaeilge" ach déanfaidh sé daingniú ar an méid atá ag daoine agus tabharfaidh sé le fios do dhaoine go bhfuil níos mó Gaeilge acu ná mar a shamhlaíonn siad.

Tá cartlann luachmhar taifeadtaí ag Gael-Linn agus tá cuid acu sin le hatheisiúint, saothar le Seán Ó Ríordáin agus Máirtín Ó Direáin agus tá féile scannáin de na seaneipicí le reáchtáil in Aonad Scannáin na hÉireann.

cé go bhfuil an t-eagras ar an saol le 50 bliain, is fearr le Ó Coileáin amharc chun tosaigh agus na riachtanais agus an deiseanna atá ann faoi láthair i gcúrsaí teilifíse a scrúdú. "Tá dúil agam féin muid a thabhairt ar ais sa treo sin. Is dócha gur ag coimisiniú a bheas muid seachas ag bunú aonad scannáin dár gcuid féin."

Agus cad é atá rompu?: "Ba mhaith liom go mbeadh ainm Ghael-Linn in airde mar sholáthar acmhainní oideachasúla. Ba mhaith liom go mbeadh sé aitheanta mar eagras gnó agus go mbeadh an gnó sin teangalárnaithe agus go mbeadh Gael-Linn luaite mar áisitheoir; mar eagras a bheadh ábalta rudaí a tharraingt le chéile."