Gaelywood

BEIDH OIDEAS Gael i mbun cúrsa Gaeilge i Los Angeles an deireadh seachtaine seo chugainn i bpáirt leis an Chlaidheamh Soluis, …

BEIDH OIDEAS Gael i mbun cúrsa Gaeilge i Los Angeles an deireadh seachtaine seo chugainn i bpáirt leis an Chlaidheamh Soluis, ionad ealaíon na nGael a bhunaigh garmhac James Connolly, Brian Heron, i gcathair na n-aingeal.

Dúirt stiúrthóir Oideas Gael, Liam Ó Cuinneagáin, agus é ag dul anonn go Meiriceá gur “fiontar spreagúil dearfach” a bhí ann agus fiontar a neartaigh an nasc idir lucht na Gaeilge in Éirinn agus lucht na Gaeilge i Meiriceá agus ar fud na cruinne.

Dúirt sé go raibh príomheagraí na hócáide i Meiriceá, Ramona Reeves, ina cuairteoir rialta ar chúrsaí Gaeilge Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall. Lena chois sin, tagann roinnt aisteoirí as na sraitheanna teilifíse Lostagus Cold Casear cuairt go minic chun an ghleanna.

Bhí 90 institiúid ag teagasc Gaeilge sna Stáit Aontaithe faoi láthair, a dúirt Ó Cuinneagáin.