Gan gháire

Beidh leagan Gaeilge nua de mhórshaothar Tom Murphy, Baile Gan Gháire, i gCultúrlann McAdam-Ó Fiaich, Béal Feirste, an tseachtain…

Beidh leagan Gaeilge nua de mhórshaothar Tom Murphy, Baile Gan Gháire, i gCultúrlann McAdam-Ó Fiaich, Béal Feirste, an tseachtain seo chugainn agus Aisling Ghéar ag cur ceann ar a séasúr nua drámaíochta.

Máire Hastings, aisteoir de chuid Ros na Rún agus Fair City, a dhéanfaidh páirt Mhamó sa léiriú seo atá á stiúradh ag Gearóid Ó Cairealláin.

Ar sise: "Is mór an dúshlán páirt Mhamó a dhéanamh agus is breá liom bheith ag tabhairt faoi. Ar ndóigh, ceanglaítear an ról le Siobhán McKenna, ach tá a fhios agam go mbeadh sí féin breá sásta leis an leagan Gaeilge seo. Ar bhealach aisteach tá an chaint níos nádúrtha i nGaeilge - amhail is dá mbeadh Baile Gan Gháire ag teacht abhaile chuig a theanga dhúchais."

Beidh an dráma ar siúl sa Chultúrlann ón Máirt seo chugainn go dtí oíche Shathairn 13ú Lúnasa ag 8pm (Eolas: 048-90208040).

READ MORE

Ina dhiaidh sin, rachaidh an saothar ar camchuairt go:

  • Millennium Studio, Doire, Dé Luain 15ú agus Dé Máirt 16ú, Lúnasa, (Ticéid: 048-71264455);
  • Teach na hÉigse, Iúr Cinn Trá, Déardaoin 18ú agus Dé hAoine 19ú, Lúnasa, (Ticéid: 048-3026 6232);
  • Pavillion, Dún Laoghaire, BÁC, Dé Luain 22ú agus Dé Máirt 23ú, Lúnasa, (Ticéid 01-30266232);
  • Axis, Baile Munna, BÁC, Déardaoin, 25ú Lúnasa, (Ticéid: 01- 88320100);
  • Taibhdhearc na Gaillimhe, Dé Sathairn, 27ú Lúnasa, (Ticéid: 091-563600).