Geantrai aneas

Beidh Díseart, Institiúid Oideachais agus Chultúr Dúchais, Co Chiarraí, ag reáchtáil scoil samhraidh ceoil den chéad uair riamh…

Beidh Díseart, Institiúid Oideachais agus Chultúr Dúchais, Co Chiarraí, ag reáchtáil scoil samhraidh ceoil den chéad uair riamh i mí Iúil.

Beidh "Geantraí Chorca Dhuibhne: An Ceol Traidisiúnta in Iarthar Chiarraí" ar siúl idir Déardaoin 25ú Iúil agus Dé Dómhnaigh 28ú Iúil agus ranganna sa bhosca ceoil, sa veidhlín, san fhéadóg/flúit, sna píobaí uilleann agus in amhránaíocht sean-nóis ar an chlár nó, leoga, ar an gclár.

Cuirfidh teagascóirí na scoile béim ar leith ar cheol agus ar phoirt Iarthar Chiarraí agus is ar ghnéithe den cheol sin a bheidh na ranganna bunaithe. Beidh léachtaí gach tráthnóna a léireoidh an tábhacht ar leith a bhain le ceol agus ceoltóirí Chorca Dhuibhne tríd na blianta.

Dúirt duine de chomhairleoirí Dhíseart agus duine de na teagascóirí, Eilín Ní Bheaglaoich, go raibh saibhreas mór ceoil sa cheantar: "Tá sé in am é a chur os comhair an phobail agus deis a thabhairt do cheoltóirí eile go dteastaíonn uatha breis ceoil a fhoghlaim sa cheantar seo é sin a dhéanamh." Eolas: 066-9152476 nó ans@diseart.ie

  • TÁ spriocdháta nua ann don iarchéim MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais atá á reáchtáil ag an aonad gnó lánGhaeilge, Fiontar, in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU). Ní mór d'iarrthóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur go dtí an Chlárlann san Ollscoil roimh 5 p.m. Dé hAoine, 7ú Meitheamh. Eolas: www.dcu.ie/fiontar nó 01- 7005614.