Giudaigh

Crobhingne: Cuid de na cairde is fearr atá agam, ní Giúdaigh iad

Crobhingne: Cuid de na cairde is fearr atá agam, ní Giúdaigh iad. Go deimhin, ar éigean atá aithne agam ar dhuine ar bith ar Giúdach é, agus iad siúd a bhfuil aithne agam orthu, ní féidir a mhaíomh go bhfuil siad ar shlí ar bith ceartchreidmheach.

Ina choinne sin, tá dlúthaithne againn go léir ar Ghiúdaigh, aithne na staire, na leabhar, na scannán, na nuachta, an bhéaloidis. Thar aon ní eile, tá aithne againn orthu anseo in Iarthar Domhain de bharr na heiriceachta Críostaí a thál den bunchreideamh sin amach ón bhfásach cúpla míle bliain ó shin.

Íomhá thraidisiúnta an Ghiúdaigh san Eoraip, an caoladán olalámhach sleamhainbhasach smiglúbtha srónbhiorach, b'íomhá í a fáisceadh amach as eagla, as ciontacht, as féinfhuath don alter ego sin a fhágaimid sa phóca is domhaine thíos ionainn. Bíodh gur frithSheimíteachas, nó leagan éigin de, an téarma coitianta air seo i bhformhór de theangacha na hEorpa, is cruinne go mór 'frithGhiúdachas' na Gaeilge, óir níor tháinig na hArabaigh Sheimíteacha faoin lasc céanna - fós.

Ba lánait liom i gcónaí an chúis a tugadh don fhrithGhiúdachas seo, mar atá, gurbh iad a chuir Íosa an Críost chun báis. Ní mise an léitheoir Bíobla is féiltiúla dá bhfuil annach nuair a léim na sleachta sin im Thiomna Nua, is amhlaidh gurbh iad na Rómhánaigh a rinne sciúrsáil ar Íosa, is faoina ndlí úd a daoradh chun báis é, agus is iad a gcuid saighdiúirí a chuir an tsleá ina thaobh. Níor thuig mé riamh cén fáth nach frithRómhánachas a bhí ag tiomáint ardfhuath na hEorpa ar feadh na gcianta, cén fáth nár chuireamar isteach i mbádhúin dá gcuid féin iad, nár thógamar campaí géibhinn go speisialta dóibh...

READ MORE

Claonadh buile ba ea an frithGhiúdachas riamh anall agus is mó duine cáiliúil a tholg smut den ghalar. Chuirtí i leith an bhaincéir T.S.Eliot go raibh a chuid dánta smeartha le tuairimí lofa ina dtaobh. Is é an duine is déanaí a bhfuil an solas ag scalladh air Harry Truman, Uachtarán na Stát Aontaithe idir 1945 agus 1953. Ar chúl dialainne dá chuid is amhlaidh go bhfuil neach taighde tar éis teacht ar radaireacht bhréan in aghaidh na nGiúdach, á gcur ina leith nach bhfuil cuibheas ar bith ag baint lena mbreithiúnas faoi chúrsaí an domhain, gur chuma leo an mó duine de chiníocha eile a mharófaí fad is go dtiocfadh siad féin slán is go gcaithfí go speisialta leo. Nuair a bhaineann siad cumhacht amach, dar leis, Hitler ná Stalin féin ní bheadh inchomparáide leo maidir le cruálacht agus le danarthacht in aghaidh an duine a a bhfuil a gcos ar a mbolg acu.

Tá nósimeacht agam nuair a chloisim ainm Hitler á thabhairt chun clár an argóna neamhaird a dhéanamh den iomlán atá á rá. De ghnáth is seift leisciúil í, nó tá an ponc atá á chur abhaile ró-mhaol nó ró-áiféiseach. Pascal féin, a bhfuil mórán atá báúil agus tuisceanach le rá aige ina dtaobh ina Smaointe, níl sé gan péac a thabhairt fúthu ach oiread. Géilleann sé don bhréig gurbh iad na Giúdaigh a chuir Íosa chun báis, ach mórann sé iad ar son a gcuid dúthrachta, a gcuid ionracais in ainneoin a ndaille radhairc.

Tá oiread rialacha amaideacha agus piseog gan dealramh agus deasghnáth greannmhar acu agus atá ag Críostaithe, nó Ioslam, nó Hiondúchasaigh, nó lucht adhartha eilifintí bána. B'aisteach liom riamh anall gur thug Dia oiread sin orduithe contráilte dá chuid fáithe. Is é an botún a dheineann cách agus iad ag coisíocht chun na ceiste ná glacadh leis na téarmaí ina dtagann sí chugainn. Is é sin le rá, gur cine faoi leith, cine 'tofa' más fearr leat, iad na Giúdaigh. Níl siad aon phioc níos tofa ná treibh na bhFocábhaí in Oirthear an Chongó.

Is in eireaball na hiontrála ag Truman a tháinig an fhírinne chun barra, ach nach le Giúdaigh amháin a bhaineann ach le cách na cruinne. Amaidí agus breallsúnacht chontúirteach is ea a cheapadh go bhfuil eisint éigin sa Ghiúdach a dhéanann níos cruálaí é ná duine ar bith eile. Bastúnacht chontúirteach is ea a mhaíomh go bhfuil cine ar bith níos barbartha ainiochtaí ná cine eile - ná níos caoine, nó sibhialta, nó meabhraí. Ní fearr ná ní measa Giúdaigh, ná Gaeil, ná Giofóga, ná Gaillimhigh, ná Galséidirí maidir le suáilcí nó duáilcí daonna de. Tugtar amach na siorcamstaintí agus féach a bhfeicfir.

B'é eireaball Truman an té a bhíonn thíos nuair a chuirtear suas é go ligeann go pras i ndíchuimhne conas mar a bhí an scéal tráth dá raibh sé féin faoin gcéachta i ndaorbhroid. Agus tá an méid sin chomh fíor i dtaoibh na nGael agus atá sé i dtaoibh na nGiúdach.