Glor Feirste

Bhuaigh Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Feirste, comórtas náisiúnta Ghlór na nGael, 2003

Bhuaigh Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Feirste, comórtas náisiúnta Ghlór na nGael, 2003. Bhronn an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, trofaí Ghlór na nGael agus seic €13,300 ar chathaoirleach an chumainn, an Dochtúir A.J. Hughes, ar ócáid i mBaile Átha Cliath Dé Luain.

Is sa Loiste Úr i dtuaisceart Bhéal Feirste atá Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain lonnaithe, áit a bhfuil go leor fadhbanna sóisialta agus ráta ard dífhostaíochta. Rinne an cumann iarrachtaí an pobal ar fad - idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh - a mhealladh i dtreo na teanga.

Dúirt Hughes go gcuirfeadh "an t-aitheantas go mór le díograis an chumainn agus iad i mbun obair na Gaeilge agus an obair trasphobail atá ar bun le hIontaobhas 174 chun úinéireacht na teanga a bhronnadh ar phobal uilig an cheantair."