Glúin eile ag triall ar na cnoic thar lear

BEOCHEIST: TÁ SÉ i ndán don té nach bhfoghlmaíonn ón stair a cuid meancóg a athdhéanamh, a deirtear

BEOCHEIST:TÁ SÉ i ndán don té nach bhfoghlmaíonn ón stair a cuid meancóg a athdhéanamh, a deirtear. Dá mbeifeá le breathnú go géar ar stair na tíre seo, níl ann ach sraith samplaí de sin.

Ar feadh na gcéadta, ar ndóigh, d’fhéadfaí an locht a chur ar an tsean-namhaid, an Bhreatain, agus tá argóint an-láidir ann gur tré mheancóga athdhéanta a chaill an Bhreatain na 26 contae seachas éifeacht an chogaidh a cuireadh uirthi.

Ach, ó d’imigh an Bhreatain agus ó bunaíodh an Phoblacht, is orainn féin atá an locht faoi aon drochrud a tharlaíonn don dtír. Theastaigh an fhéinriail uainn agus fuaireamar í sa deireadh.

An cheist atá tagtha chun cinn tar éis na tubaiste eacnamaíoch is deireanaí ná an bhfuil ár gcuid polaiteoirí, ár gcuid státseirbhíseach agus, leoga, muidne in ann don bhféinriail?

READ MORE

Ábhar maíte againn le fada iad na milliúin de bhunadh na hÉireann atá ina gcónaí i dtíortha éagsúla ar fud an domhain. Leatrom agus géarleanúint na Breataine thar na céadta bliain a chruthaigh cuid mhór den sliocht Éireannach seo thar lear.

Ach rud nach maith linn a admháil go bhfuil na milliúin eile imithe as Éirinn ó bunaíodh an Stát agus ní hí lámh láidir na Breataine a dhíbrigh iad ach polasaithe agus mí-éifeacht na rialtas dúchasach.

Leoga, mhaithfí do dhuine dá gcreidfeadh sé go raibh oidhreacht na heisimirce a d’fhág an Bhreatain linn glactha go hiomlán mar chuid intuigthe de pholasaí gach rialtais dhúchasaigh a tháinig i gcumhacht.

Sna 1960í thug sean-Bhrian Ó Luineacháin leid an-mhór gur mar sin a bhí. Mhol sé córas oideachais a d’ullmhódh daoine óga níos fearr don eisimirce. Thóg sé conspóid lena thagairt d’oileán a bhí “róbheag dúinn go léir”.

Chonaic muid dhá thréimhse nuair a ba bheag nár bhánaigh an dífhostaíocht an tír. Thiomáin easpa pleanála eacnamaíoch an rialtais na mílte as an dtír sna 1950í. Mar a léirigh James McKenna ina dhráma The Scatterin, is beag nach ndéanadh Éireannaigh óga talamh slán de nach in Éirinn a d’éireodh siad sean.

Sna 1980í, nuair a shíl muid go gcuirfeadh ballraíocht sa gComhphobal Eorpach deireadh le dífhostaíocht ard tháinig an diabhal ar ais. Chuir géarchéim na hola agus teip na dtionscal dúchasach dul in iomaíocht saorthrádála an Chómhargaidh na mílte eile ag triall ar thíortha níos rathúla. Teip pleanála eile. Ach ní raibh fíorbhochtanas na 1950í i gceist an iarraidh seo. Bhí easpa postanna ann ach ní chuig láithreáin thógála a bhí an chuid is mó den dream seo ag dul. Bhí glúin nua oilte féinmhuiníneach ag imeacht chun blaiseadh a fháil de rachmas an tsaoil a bhí feicthe acu ar an dteilifís. Tháinig go leor acu ar ais nuair a thosaigh an rachmas nua ag bláthú anseo sna 1990í.

Anois, tá an sionnach tagtha ar ais chuig an ndoras. Tá éalú en masse na n-óg as an dtír faoi lán seoil cé gur tír shaibhir fós í i gcomparáid le go leor tíortha eile.

Tá beirt lánúin ar m’aithne ag imeacht as Éirinn an mhí seo chun cónaí buan a dhéanamh i Meiriceá agus i gCeanada. Tháinig lánúin amháin acu ar ais as Nua-Eabhrach lena mbeirt pháistí i lár na 1990í mar gur theastaigh uathu na leanaí a thógáil anseo.

Is déantóir éadaigh ise agus is ceoltóir eisean. Bhí go maith go dtí gur thráigh an obair anuraidh. Anois níl aon rogha eile acu ach an bóthar ar ais go Nua-Eabhrach, dar leo. Tá an lánúin eile ag tógáil triúr leanaí. Is siúinéir eisean agus d’oibríodh sise i naíolann. Thráigh an obair agus tá siadsan ag imeacht go Ceanada.

An rud is suimiúla faoin dá lánúin seo nach sa ngnáthaois imirce atá siad. Tá siad ceathrar thart ar 43 bliain d’aois agus bhí siad socraithe síos anseo le tamall maith. D’admhódh siad go léir nach raibh aon taithí riamh acu ar an bhfíorbhochtanas agus go mbíodh saol compordach acu anseo.

Rud eile atá suntasach fúthu nach bhfuil aon rún acu filleadh ar Éirinn ach ar laetha saoire. Tá a gcuid tithe curtha ar an margadh acu agus beidh siad sásta má ghlanann siad an morgáiste.

San am céanna, tá aithne agam ar lánúin as oirthear na hEorpa a tháinig anseo le linn an rachmais mhóir agus, le hobair chrua, tá siad ag tógáil clainne ina dteach féin anois. Níl aon rún acu imeacht go deo.

Deir siad go bhfuil daoine cosúil leo ina dtír féin a bhrisfeadh síos na doirse chun an córas leasa shóisialaigh atá againne anseo bheith acu. Cad is “bochtanas” ann anois? Brathann sé ar an dtír ina mbíonn tú, is léir.