Gno Gaelach

Tá Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag glacadh le hiarratais don chúrsa iarchéime lán-Ghaeilge - Dioplóma/MSc i nGnó agus…

Tá Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag glacadh le hiarratais don chúrsa iarchéime lán-Ghaeilge - Dioplóma/MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais - faoi láthair.

FIONTAR, an t-aonad lán-Ghaeilge don oideachas fiontraíochta, a chuireann an cúrsa seo ar fáil.

Is é Dé Luain, 9ú Meitheamh 2003 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Is féidir le mic léinn an cúrsa a dhéanamh ar feadh bliana go lánaimseartha nó ar feadh dhá bhliain go páirtaimseartha.

Díríonn an cúrsa ar scileanna gnó agus ríomhaireachta a thabhairt do chéimithe a bhfuil Gaeilge líofa acu cheana féin. Tá táillí laghdaithe i gceist don chúrsa seo. Eolas: 01-7005614 nó fiontar@dcu.ie