Gnothai aibhleise thar lear

Beocheist:  Tamall ó shin, thug Breandán Ó Leanglaoich caint do An Roth, Craobh Gaeilge Chumann na nInnealtóirí, faoin teideal…

Beocheist:  Tamall ó shin, thug Breandán Ó Leanglaoich caint do An Roth, Craobh Gaeilge Chumann na nInnealtóirí, faoin teideal "Ag obair thar lear do Bhord Soláthar an Leictreachais agus do BSLI dirnáisiúnta".

Ní minic a fheictear tagairt sna nuachtáin laethúla don obair seo agus sa mhéid gur dea-scéal don náisiún é is ceart níos mó eolais bheith ag an bpobal ina thaobh.

Thug Breandán cuntas, léirithe le mórán grianghrafanna, ar a shaothar sa Phacastáin, sa Rúis, sa tSiombáib agus i dtíortha eile, agus thug sé cuntas ar chuid den chineál oibre a dhéanann Bord Soláthar Leictreachais na hÉireann ar chonradh chun feabhas a chur ar sholáthar leictreachais i dtíortha eile.

Mheabhraigh sin dom duine eile de chuid Bhord Soláthar an Leictreachais a rinne obair thar lear mar an gcéanna agus a scríobh leabhar ina thaobh. Gnóthaí Eachtracha le Mícheál Ó Breartúin (Coiscéim 2000) an leabhar atá i gceist. Leabhar taitneamhach maiseach é agus neart grianghrafanna daite ann.

READ MORE

Innealtóir é an t-údar agus cuireann sé síos go heolasach i nGaeilge sholéite ar obair (agus ar ligean scíthe, chomh maith) in 30 tír idir 1975 agus 1999, ina measc An Araib Shádach agus Azerbaijan, An India agus An Iaráic, Latvia agus Lesotho, Uzbekistan agus Vítneam. Is suntasach an taithí dhomhanda atá ansin.

Níl sa bheirt a luadh ach codán an-bheag de líon fostaithe Bhord Soláthar an Leictreachais a bhfuil tréimhsí caite thar lear acu mar chomhairleoirí ag tuilleamh airgid, agus meas domhanda, don tír. Áirítear sna céadta iad agus caithfidh go rabhthas sásta leo nuair a bhíonn an oiread sin éilimh orthu. Is cinnte go ndeachaigh sin chun leas chlú na hÉireann.

Ar ndóigh, is comhlacht Stát-urraithe é BSL a bunaíodh sa bhliain 1927 chun leictreachas a sholáthar do stát óg bocht na hÉireann agus bhí go leor saoithe ann a mheas, agus a dúirt, go raibh a leithéid thar chumas agus thar acmhainn na hÉireann. Gníomh creidimh agus dóchais ba ea a leithéid a chur ar bun. Ba léiriú é ar fhealsúnacht an neamhspleáchais a chuir an Stát féin ar bun.

Seirbhís a chur ar fáil don phobal an bhunaidhm a bhí leis an bhfiontar cosúil le soláthar uisce nó córas iompair. Tionscnamh é BSL a raibh an rath air, go háirithe de bharr shamhlaíocht agus chumas a foirne. B'fhéidir go raibh baint ag an riachtanas leis chomh maith, go háirithe le linn an Dara Cogadh Mór.

Tar éis an chogaidh, sa bhliain 1947, cuireadh tús leis an scéim ar ar tugadh Leictriú na Tuaithe. B'ionann sin agus leictreachas a chur ar fáil do phobal uile an Stáit.

As tosach lag d'fhás eagraíocht chumasach dhúchasach a bhí in ann an taithí agus an tuiscint a fuarthas as forbairt na hÉireann a chur chun tairbhe tíortha eile. Timpeall na bliana 1990 rinneadh comhlacht ar leith ar ar tugadh BSLI (Idirnáisiúnta) chun gnó na comhairleoireachta thar lear a riaradh ar son BSL.

I gcás na beirte a luadh thuas, bhí éagsúlacht idir an cineál oibre a raibh gach duine díobh ina bhun thar lear. Innealtóir agus béim ar an 'inneall' é Breandán agus de ghnáth is le réiteach fadhbanna praiticiúla a bhíodh sé ag plé. Comhairleoir pleanála agus bainistíochta go príomha é Mícheál .

Agus an obair á déanamh le linn na ceathrú deiridh den 20ú haois gan amhras tháinig athrú mór ar chúrsaí idirnáisiúnta. Mar shampla, tháinig forbairt mhór ar an Aontas Eorpach agus tháinig scaipeadh ar an Aontas Sóivéadach. Freisin tháinig forbairt ar thíortha nach raibh traidisiún láidir leictreachais acu.

Uaireanta is mar chomhlacht gnó agus go minic i bpáirt le comhlacht as tír eile, mar shampla, an Danmhairg, a théann BSLI i mbun oibre. Uaireanta is ar chonradh ón Aontas Eorpach a dhéantar sin. Uaireanta eile is mar shaineolaithe aonaracha a sholáthraítear baill foirne. Is mar shaineolaí a bhí Micheál ag obair d'Eagraíocht na Náisiún Aontaithe san Iaráic in 1996.

Maidir le Breandán agus Micheál de, tá aithne acu ar a chéile ó bhí siad san aon-rang ar an meánscoil agus ar an ollscoil. Ní miste a lua go bhfuil leabhar eile á scríobh faoi láthair ag Micheál ar stair na haibhléise. Bhuaigh rannóg as an leabhar duais i gcomórtais liteartha an Oireachtais 2001.

Táim ag ceadú dom féin an comhartha beag ómóis seo a íoc le Micheál mar is é a chuir ar an eolas mé faoin iris Comhar agus a d'earcaigh mé do choiste na hirise nuair a bhí an bheirt againn inár mic léinn ollscoile.