Gogainm

CROBHINGNE: CÉ GO ndeir lucht eolaíochta go bhfuil Clochán an Aifir tuairim is 60 milliún bliain d’aois, deir daoine eile a …

CROBHINGNE:CÉ GO ndeir lucht eolaíochta go bhfuil Clochán an Aifir tuairim is 60 milliún bliain d'aois, deir daoine eile a léann an leabhar mór go bhfuil sé ar chomhaois le hÁdhamh is le hÉabha, 6,000 bliain ó shin.

Cad is dornán milliún bliain idir clocha tar éis an tsaoil? Bímidne ag gearán faoi lucht athscríofa na staire de réir a gclaonta féin, ach scéal eile is ea athscríobh na geolaíochta.

Amach as an stábla céanna (is ea, roghnaím mo chuid focal le cáiréis agus le cúram) cloisim ar mo shiúlta dhom go bhfuil logainmneacha na gcontaetha soir ó thuaidh á athmhíniú chomh maith céanna.

Cheapas gur le magadh a dúradh liom gur “Bell Fast” an bunús cruinn stairiúil a bhí le Béal Feirste. Ní raibh oiread de thráithnín íoróna ar shoc an té a d’inis dom é. B’é scéal a bhí aige ná go raibh capall darbh ainm dó “Bell” agus bhí chomh mear sin, agus bhain oiread sin rásanna, gur ainmníodh an chathair as.

READ MORE

Níor thuigeas chomh sia is a bhí an t-athbhaisteadh seo á dhéanamh go dtí gur cuireadh ar an eolas mé gur “Cool Rain” a bhí ar Chúil Raithin, agus gur bhain sé leis an mbáisteach éadrom bhláth sin a thagann anuas nuair is lú an coinne atá agat leis.

(Mo thuairim féin gurb amhrán le Bob Dylan faoi dear é: “A cool rain’s gonna fall.”)

Má tá an aimsir chaite ar fad le díbirt, agus sin é an fuadar a bhíonn faoi dhaoine a chuireann rompu an t-athbhaisteadh a dhéanamh, tá chomh maith é a dhéanamh i gceart agus beagán samhlaíochta a chaitheamh leis an ngnó.

Tá cuid acu soiléir go maith, gan amhras, agus ní ghearrfaidh mé táille ar bith ar Oifig Athscríofa Logainmneacha Thuaisceart Éireann astu. An Falls Road, mar shampla, toisc daoine a bheith ag titim síos le póit oíche Shathairn, nó i lár an lae.

Ballymoney ar son an oiread sin daoine ann a bheith lofa le hairgead. Rattling Island, mar bíonn an chraic go hiontach ann, go háirithe nuair a thagann na turasóirí agus cúpla cearc ascaille den uisce beatha rua acu i gcorp an tsamhraidh.

Is gá a bheith beagáinín cruthaitheach thairis sin, áfach. Má tá scéal ag leanúint Chlochán an Aifir, scéal nach bhfuil baileach 6,000 bliain d’aois, níl aon chúis nach mbeadh an cháil chéanna ar eachtra Ann Trim, duine de na chéad daoine ar éirigh léi aiste bhia den scoth a chur ar fáil.

Nuair a bhí a corp lofa leis an Ulster Fry gach maidin agus tráthnóna, chum sí anraith nua di féin as neantóga oráiste nár fhás áit ar bith ach ar shleasa Shliabh Mis agus tholg anoireicse dá réir.

Mí-léamh é sin, gan gó, ar Sleeve Mess, a bhí riamh ar an áit ó chuimilíodh malraigh na háite a gcuid smugaí smaoiseacha dá muinchillí mar mhalairt ar chiarsúr póca. Lonnaigh daoine ansin sa chéad áit as Drumgooland, an méid díobh nach raibh greamaithe den áit.

Ní fios cé d’fhág an máta mór agus an bhualtrach bhog ar fud an bhaile, ach de bharr na héiginnteachta sin, b’éigean Dung Anon a thabhairt ar an mball áirithe sin, bíodh nach maith leis an muintir ann go meabhrófaí sin dóibh. D’éalaigh sé i lár na hoíche agus ní fios cá raibh a thriall.

Ní gnách oiread sin logainmneacha a theacht as nósanna cócaireachta, cé go bhfuil an tír breac le “Buns” den uile shórt. Ina choinne sin, ba léir go raibh stair shuimiúil tráth dá raibh in Rat Fry Land, cé nach bhfógraítear an méid sin ar an mbiachlár san chippie áitiúil.

Deirtear má itheann tú domhainfhriuchta i bhfuidreamh iad go bhfuil siad ar a laghad chomh blasta le trosc, an té a d’aithneodh an difear.

Fós féin, maireann iarsmaí eile itheacháin in, abair, Drum Coo, a bhfuil scata díobh ann, atá bunaithe ar an nós forleathan colúir a mhealladh le binneas, agus ansin iad a bhatráil chun báis.

Baill eile, áfach, agus b’fhearr athbhaisteadh ó bhun a dhéanamh orthu, go háirithe agus stair an cheantair i ndéanaí aimsire sa mheabhair agat. Áit ar bith le “Kill”, go háirithe, agus “Kill More” go sonrach. Tá Kill Brittain i gCorcaigh, is fíor, ach seans nach mbeadh an gean céanna air sin timpeall ar Bhruach Sheáin.

Tá obair na logainmneacha rómhion sa chuid eile den tír ionas gurbh fhéidir an stair a bhréagnú anois.

Mar sin féin, i ndoircheacht mo bhotha dhom, is maith liom na scéalta timpeall ar Tang agus Inch agus Ovens agus Tobercurry agus Legwee agus Ploopluck agus Sluggary agus Ballyjohnboy agus Derryhippo agus Ringawaddy agus Coolydoody agus Newtownpothouse a shamhlú dom féin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar