Gorlann Ghaelach

D’OSCAIL PÁDRAIG Ó hAoláin, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Gorlann na Gaeilge, togra de chuid Chomharchumann Shailearna…

D’OSCAIL PÁDRAIG Ó hAoláin, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Gorlann na Gaeilge, togra de chuid Chomharchumann Shailearna, Indreabhán, Co na Gaillimhe, an Aoine seo caite. Mhol sé an comharchumann as an áis a chur ar fáil, “cúltaca” don phobal a bheadh ann, a dúirt sé.

Is é atá ann mar ghorlann foirgneamh athchóirithe ina bhfuil spás oifige, ríomhlann agus cistin. Chosain an obair forbartha €160,000; tháinig 80 faoin gcéad den chostas ón Údarás agus an chuid eile ón chomharchumann.

Tá comhlachtaí lonnaithe san ionad cheana féin, tá oifig ag Scéim Fostaíochta Pobail Chois Fharraige ann agus is ann atá Scéim Bhéaloidis Chois Fharraige á reáchtáil. Idir na tograí go léir, tá fostaíocht, idir lánaimseartha agus pháirtaimseartha, á cur ar fáil do 28 duine.