Gra agus cra

Tá an compántas drámaíochta, Aisling Ghéar, ag léiriú Lá Fhéile Míchíl, dráma faoi Chogadh na gCarad, le hEoghan Ó Tuairisc…

Tá an compántas drámaíochta, Aisling Ghéar, ag léiriú Lá Fhéile Míchíl, dráma faoi Chogadh na gCarad, le hEoghan Ó Tuairisc.

Is i nGaeilge a bheidh an léiriú ach beidh aistriúchán comhuaineach go Béarla ar fáil dóibh siúd nach bhfuil go leor Gaeilge acu é le a thuigbheáil.

Beidh an dráma ar siúl: sa Playhouse, Doire, oíche Mháirt; in Ionad Ealaíon an Iúir, Iúr Cinn Trá, Co Ard Mhacha, seachtain ón lá amárach agus sa Bardic Theatre, Domhnach Mór, Co Thír Eoghain, seachtain ón Satharn.

Beidh sé ar siúl sa Chultúrlann, Béal Feirste, idir an Mháirt, 24ú Feabhra, go dtí an Satharn, 28ú Feabhra. Gach léiriú ag 8 p.m.

READ MORE

Rachaidh an saothar ar camchuairt náisiúnta ina dhiaidh sin. Eolas: 048-90208040.