Gradaim i dTra Li

Bronnadh Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i dTrá Lí, Co Chiarraí, oíche Aoine le linn Fhéile Oireachtas na Bealtaine.

Bronnadh Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i dTrá Lí, Co Chiarraí, oíche Aoine le linn Fhéile Oireachtas na Bealtaine.

Is é Liam Mac Con Iomaire buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais. Tá aithne ag an saol Fódlach air mar scríbhneoir, iriseoir agus craoltóir agus ainmníodh a nia agus iriseoir de chuid TG4, Rónán Mac Con Iomaire, mar Iriseoir na Bliana.

Is í Gemma Ní Chionnaith de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhain gradam Pearsa Raidió na Bliana agus Aoife Ní Thuairisg le TG4 a thug an gradam léi mar Phearsa Teilifíse na Bliana. Is ar Mhártan Ó Ciardha a bronnadh an gradam Colúnaí na Bliana.

Tá aithne ag lucht leanúna spóirt ar Ó Ciardha as a cholún ar Foinse agus as a chuid tráchtaireachta ar RnaG. Is é Peadar Cox, a ghlac le gradam Aisteoir na Bliana. Thuill Cox clú dó féin as an ról "Daniel" i Ros na Rún ar TG4.