Gradam clo

Tá Cló Iar-Chonnachta ar lorg iarrachtaí ó scríbhneoirí do Ghradam Litríochta Cló Iar-Chonnachta 2004

Tá Cló Iar-Chonnachta ar lorg iarrachtaí ó scríbhneoirí do Ghradam Litríochta Cló Iar-Chonnachta 2004. Glacfar le gach séanra liteartha i mbliana - filíocht, úrscéalta, gearrscéalta agus drámaí.

Caithfidh gach iomaitheoir trí chóip den saothar, foirm iontrála agus táille iontrála a chur go Cló Iar-Chonnachta roimh an Aoine, 30ú Eanáir, 2004. €5,000 an duais a bhronnfar ar an bhuaiteoir. Eolas: 091-593307