Gradam Liam

AR LIAM Ó Cuinneagáin, cathaoirleach Údarás na Gaeltachta agus comhbhunaitheoir agus stiúrthóir Oideas Gael i nGleann Cholm Cille…

AR LIAM Ó Cuinneagáin, cathaoirleach Údarás na Gaeltachta agus comhbhunaitheoir agus stiúrthóir Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall, a bronnadh Gradam an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath aréir, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Bronnann Fondúireacht an Phiarsaigh an gradam gach bliain ar dhuine a mheasann coiste neamhspleách mórchuid bheith déanta aige chun idéalacha an Phiarsaigh a chur chun cinn.

27 bliain ó shin a thug Ó Cuinneagáin suas post múinteoireachta i mBaile Átha Cliath chun cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta a bhunú ina cheantar dúchais féin i gcomhpháirt leis an Ollamh Seosamh Watson, UCD.

Tá cáil idirnáisiúnta anois ar chúrsaí Oideas Gael mar gheall ar fheabhas agus leithne a chuid imeachtaí agus cúrsaí. Eachtrannaigh leath na bhfoghlaimeoirí a fhreastlaíonn orthu agus is iomaí duine acu a fhilleann bliain i ndiaidh bliana mar a dhéanann go leor Éireannach, ina measc, an tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa a chuir litir chomhghairdis chuig Ó Cuinneagáin aréir.

READ MORE

Ní beag atá déanta ag Ó Cuinneagáin chun an Ghaeilge a choinneáil beo i nGleann Cholm Cille. Dála an Phiarsaigh bhí suim aige san iriseoireacht agus 10 bliain ó shin bhunaigh sé an iris Idirlín Beo!,iris a bhfuil na mílte léitheoir aici ar fud an domhain.

Chaith sé blianta ar choiste Oireachtas na Gaeilge agus seo an tríú téarma aige ina chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta. Ba chomhalta é fosta d’Fhoras na Gaeilge agus ba stiúrthóir é ar an tionscadal trasteorann Fiontraithe na Gaeilge a thug deis d’fhiontraithe, do lucht gnó agus do cheannairí pobail cur lena scileanna fiontraíochta trí mheán na Gaeilge. Tá baint ghníomhach aige le Féile na nGael i Milwaukee sna Stáit Aontaithe.

“Léiríonn Liam Ó Cuinneagáin tríghrá, nuálaíocht, fiontraíocht agus ceannaireacht an Phiarsaigh, agus is onóir ar leith dom a bheith páirteach i mbronnadh na bliana seo,” a dúirt uachtarán Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, an tOllamh Brian Mac Craith, agus an gradam, dealbh chré-umha den Phiarsach, á bhronnadh aige ar an Chonallach.