Gradam na Gaeilge

Bronnadh gradam Sheachtain na Gaeilge ar Cholm Ó Tórna, eagarthoir an iriseáin Saol ag ócáid i gClub Chonradh na Gaeilge i mBaile…

Bronnadh gradam Sheachtain na Gaeilge ar Cholm Ó Tórna, eagarthoir an iriseáin Saol ag ócáid i gClub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath Dé Domhnaigh, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Mar a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Tomás Mac Ruairí agus an gradam á bhronnadh air, is duine é Ó Tórna a bhfuil aithne air ó cheann ceann na tíre, áit ar bith a bhfuil an Ghaeilge á labhairt.

I gCluain Tarbh i mBaile Átha Cliath a rugadh agus a tógadh é. Bhí a athair, Seosamh Tundar, i Monarchain Jacobs le linn Éirí Amach na Cásca agus is í an Ghaeilge an teanga labhartha a bhí aige lena mhac.

Ag obair ar na láithreáin tógála i Sasana a bhí Ó Tórna nuair a casadh a bhean, Eibhlín Ní Fhoghlú, air agus tógadh a chéad pháiste Muireadach, nach maireann, i Londain le Gaeilge. In Éirinn, a tógadh le Gaeilge an bheirt mhac eile, Cathal agus Fiachra.

READ MORE

Bhí baint ghníomhach ag Ó Tórna le bunú Scoil Neasáin i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath agus bhí sé chun tosaigh san fheachtas chun Scoil an tSeachtair Laoch a oscailt i mBaile Munna, tráth a shíl an Roinn Oideachais gur don mheánaicme amháin scolaíocht trí mheán na Gaeilge.

Reáchtálann sé rang seachtainiúil fós do dhaoine fásta ar Scéim FÁS Ghlór na nGael i mBaile Munna. Bhí páirt nach beag aige fosta san fheachtas in éadan dhúnadh Scoil Dhún Caoin i gCiarraí agus thionlaic sé ealaíontóirí Thoraí ar thuras go Páras na Fraince. Is cara mór de chuid mhuintir Oileán Chléire é agus aithne mhaith air in iarthar Bhéal Feirste.

Chaith sé sealanna ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, le Glór na nGael, le Bord na Gaeilge agus leis an Chomhlachas Náisiúnta Drámaíochta. Is minic é le clos ar raidió RTÉ, RnaG agus Raidió na Life.

Is beag ócáid Ghaelach nach mbíonn sé ann lena cheamara chun pictiúir a thógáil do Saol ach d'fhág sé sa bhaile Dé Domhnaigh é. An grianghrafadóir Bill Doyle a thóg na pictiúir de bhronnadh an ghradaim.