Griandóite

NÍOR MHISTE liom nóta beag amháin a chur ar an taifead

NÍOR MHISTE liom nóta beag amháin a chur ar an taifead. Agus mé ar saoire seachtaine i gCill Mhantáin i mbliana, chaith mé lá ar an trá agus d’fhág mé an gaineamh i mo dhiaidh – griandóite. Sea, chonaic tú sin i gceart – griandóite. Chan i mo líbín a d’fhág mé an mhuir ach i mo rud rua rósta.

Ní bheidh mórán daoine ábalta an focal “griandóite” a scríobh i mbliana. Cuirtear ar an taifead é go soilsíonn an ghrian sna críocha seo ó am go ham agus go bhfágann sí sliocht rua na gcúigí conáilte seo griandóite ach an deis a fháil. Ná bí ag caint liom faoin fhearthainn. Is contúirtí i bhfad an ghrian mhallaithe.

anailís analysis – ceannródaí pioneer – cnámh spairne bone of contention – conáilte frozen – damhsa dance – deontas grant – dúshlán challenge – eagarthóir editor – imeachtaí events – gné aspect – griandóite sunburnt – iarsmalann museum – léargas insight – náisiúnta national – saineolaí expert – taighde research – tionchar influence – trioblóid trouble – tuiscint understanding – urramach reverential

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times