Hejnal mariacki agus cappuccino

Tuarascáil: Tá an foirgneamh Sukiennice, nó Halla Éadaitheoirí, suite i gcroílár phríomhchearnóg Kraków, príomhchathair stairiúil…

Tuarascáil:Tá an foirgneamh Sukiennice, nó Halla Éadaitheoirí, suite i gcroílár phríomhchearnóg Kraków, príomhchathair stairiúil na Polainne. Is sa Sukiennice sna meánaoiseanna a bhíodh táirgí coimhthíochta ón Oirthear le ceannach - síoda, spíosraí, leathar is allmhairí nach iad.

Seans go bhfuil an foirgneamh féin gach pioc chomh maorga is a bhíodh thiar ansin ach is é is mó a mbíonn díol air sa Sukiennice sa lá atá inniu ná daighsíní is áilleagáin atá dírithe ar thurasóirí ar mó a spaga ná a gciall.

Nuair a bhíonn spléachadh tugtha agam ar stainníní Sukiennice - sea, téim ann gach uair a bhím i Kraków, ar eagla go dtiocfainn ar dhaighsín nach bhfaca mé an uair dheireanach, an dtuigeann tú - is maith liom cappuccino a ól i gceann de na caifí timpeall na cearnóige.

Is é ól cappuccino i gcaifí ceann de na rudaí is fearr liom a dhéanamh agus mé ag taisteal. Tá sé ar na rudaí is fearr liom a dhéanamh nuair nach mbím ag taisteal chomh maith, ach sin scéal eile.

READ MORE

Is minic a dhéanann daoine iontas den nós seo. Cén fáth go dtriallann tú ar áiteanna allúracha ciana chun do chuid ama a dhiomailt i gcaife? Nach féidir leat é sin a dhéanamh i do bhaile cónaithe féin?

Ní dóigh liom é. Dá mba ag ól caife i mo bhaile féin a bheinn ní fhéadfainn san am céanna lán mo shúl a bhaint as Séipéal Mariacki i gcúinne oirthearach na cearnóige lárnaí i Kraków, mar shampla. Ní fhéadfainn ómós a thabhairt do sheoda ailtireachta na cathrach seo le mo dhá shúil féin. Ní fhéadfainn radharcanna, fuaimeanna is bolaithe áite a shú isteach.

Ní fhéadfainn féachaint go grinn ar nósanna gléasta, iompar is geáitsí mhuintir cathracha eile dá mba i gcaife i mo bhaile cónaithe féin a bheinn ag ól cappuccino.

Sin an saghas freagra a thabharfainn ar lucht mo cháinte dá mbeadh teanga aibí agam.

Agus sciuird tugtha agam ar an Halla Éadaitheoirí ar cheann de na turais atá déanta agam ar Kraków bhain mé caife cuanna amach ar scáth Sukiennice. Agus cappuccino ordaithe agam d'oscail mé an leabhar a bhí á léamh agam, Ólann mo Mhiúil as an nGainséis le Gabriel Rosenstock.

Mar a bhí déanta agam cheana, thug mé suntas do dhearadh an leabhair. Clúdach breá tarraingteach air agus é clóbhuailte ar pháipéar ar chaighdeán ard. (Tá súil agam go bhfuil mo leabhar féin inchurtha leis).

Bhí eachtra á ríomh ag an údar ina raibh sé ina shuí i halla tosaigh an óstáin i nDubai ina raibh sé ag cur faoi. Bhí Rosenstock sáite i leabhar de chuid V.S. Naipaul nuair a thosaigh Arabach ag an mbord in aice leis ag cur isteach air. "Dreancaidí camaill faoi d'ascaill ort," a deir an fear haiku leis an Arabach.

Bhí mé féin sáite i leabhar Rosenstock nuair a thosaigh Polannach ag cur isteach orm. Ar chloisteáil cúpla focal slogtha dom d'ardaigh mé mo cheann ón leabhar is chonaic fear féasógach a raibh meangadh mantach air.

Bhí braon maith ar bord aige is bhí easpa airgid air. Níor luaigh sé liom ach an dara píosa eolais, ar ndóigh, bhí orm an chéad cheann a dhéanamh amach dom féin.

Ar chaoi éigin d'aithin sé orm gur thurasóir mé is ba i mBéarla briste a bhí sé ag caint.

"Níl aon airgead agam," arsa mise i nGaeilge líofa, ag ligean orm nach raibh aon teanga eile agam. Caint leamh thruamhéalach i gcomparáid le "dreancaidí camaill faoi d'ascaill ort," admhaím é sin, ach ba gan choinne a tháinig an teagmháil seo is baineadh siar asam.

Níorbh aon Arabach é an cuireadh gan iarraidh os mo chomhair amach, áfach, is níor ghlac sé leis go raibh a leithéid de theanga is Gaeilge ann. An freagra a bhí aige ar na focail den teanga ársa álainn a labhair mé ná, "blah blah blah."

Lean mé orm as Gaeilge in ainneoin an mhasla a bhí tugtha ag mo dhuine do theanga seo mo shinsear. Bhí an meangadh imithe óna aghaidh faoin am seo ach bhí sé fós mantach. Thug sé cúl dá smeadar Béarla is chuaigh i muinín mionnaí móra na Polainnise. "Kurwa, idiota."

Bhí mé ag fáil ábhairín neirbhíseach agus míshásamh searbh le haithint go soiléir ar aghaidh an achainígh ach díreach ag an bpointe sin tháinig an freastalaí le mo cappuccino is dhíbir sé an meisceoir garbhlabhartha ó mo bhord.

Níl ríomh ar na saghsanna eachtraí a bhaineann don duine ar a thaisteal a mheileann a chuid ama i gcaifí.

Ar mhaithe leis an gcorr-Ghaeilgeoir nach bhfuil Ólann mo Mhiúil as an nGainséis léite aige ba chóir dom a rá gur tháinig Rosenstock slán as an malairt chainte a thug sé féin is an tArabach dá chéile chomh maith. Nach ag Gaeilgeoirí thar lear a bhíonn an tseamair Mhuire?

Agus mo cappuccino á dhiúgadh agam ar scáth Sukiennice chuala mé hejnal mariacki, tiúin thraidisiúnta atá le cloisteáil i Kraków le breis is 700 bliain anuas. Is glór buabhaill é hejnal agus seinntear hejnal mariacki go pointeáilte gach uair sa túr is airde de chuid Kosciól Mariacki, nó Séipéal Mhuire, a éiríonn go hard os cionn na príomhchearnóige.

Críochnaíonn an tiúin seo go grod amhail is dá mbeadh an buabhallaí éirithe as a ghléas ceoil a shéideadh agus an tiúin gan bheith seinnte go deireadh aige.

Is é is cúis leis an gcríoch grod seo de réir seanchais ná go bhfaca fear faire ar thúr Mariacki cathláin Tataracha ag déanamh ar Kraków d'fhonn an chathair a ionsaí sa 13ú haois. Sheinn an fear faire an hejnal chun rabhadh a thabhairt faoin ionradh is rinneadh geataí na cathrach meánaoisí a dhúnadh in am. Ach d'éirigh le Tartarach saighead a scaoileadh a rinne poll i scornach an bhuabhallaí sular chríochnaigh sé an tiúin rabhaidh.

Is le teann measa ar an mbuabhallaí mí-ámharach a rinneadh hejnal mariacki a sheinm as sin amach agus críoch grod air.

Rud nach n-inseoidh na treoirleabhair duit, áfach, ná nár scríobhadh an finscéal seo síos den chéad uair ach go dtí 1928. Ba é an Meiriceánach Eric P. Kelly a rinne cur síos ar shaighead mharfach na dTartarach ina leabhar do pháistí, The Trumpeter of Kraków.

Bhí Kelly fostaithe mar léachtóir le Béarla ag Ollscoil Jagiellonski sa chathair i lár na 1920í ach ní rómhaith an tuiscint a bhí aige ar an bPolainnis. Seans mar sin gur bhreac sé síos scéal na saighde is an bhuabhallaí ar bhonn míthuisceana a d'eascair as aineolas teanga.

Pé scéal é, tá áit lárnach ag hejnal mariacki i gcultúr na Polainne. Ó 1927 ar aghaidh tá sé á chraoladh beo ó Kraków ar Raidió 1 na tíre seo gach lá ag meán lae.

Ar 18ú Bealtaine 1944 sheinn saighdiúir Polannach an hejnal chun bua na bPolannach i gCath Monte Cassino a fhógairt, ceann d'éachtaí an Airm Pholannaigh le linn an chogaidh is mó a bhfuil bród ar Pholannaigh as.

Sea, d'fhéadfainn cupán caife a ól sa bhaile is éisteacht le hejnal mariacki ar an raidió ag meán lae, ach is fearr liom i bhfad an tiúin ghairid seo atá snaidhmthe in anam na Polainne a chloisteáil beo cúpla céad méadar uaim agus cappuccino blasta á dhiúrnú agam ar scáth an Sukiennice.

• Tógtar an sliocht seo asSeal sa Pholainn (Comhar) cnuasach nua aistí le hAlan Desmond a chuireann síos ar an tréimhse a chaith sé sa Pholainn. Seolfaidh Brian Crowley, MEP,Seal sa Pholainn Dé Sathairn ag 3.30pm i siopa leabhar Liam Ruiséal i gcathair Chorcaí. Fáilte roimh chách.

anamsoul - dearadhdesign - éadaitheoirdraper - maslainsult - meisceoirdrunkard - teagmháilcontact