I measc na gcarad sa sraidbhaile domhanda

Más é an tIdirlíon pumpa an tsráidbhaile is í an teilifís satailíte halla an pharóiste

Más é an tIdirlíon pumpa an tsráidbhaile is í an teilifís satailíte halla an pharóiste. Ó fuair mé an córas satailíte, tá mé sáite i gceol na nArabach, scannáin na hAfraice Theas, nuacht Bhéarla na Síne, seónna cainte Fidel Castro (a bhfuil Spáinnis sách doiléir aige), cláracha cultúrtha na Fraince, flamenco maith ar stáisiún Andalucia agus, thar aon rud eile, ceol tíre na nOileán Canárach a bhaineann deoir áthais de mo shúil.

Sea, is breá liom an dá theicneolaíocht fhíordhomhanda agus féadaim a rá go bhfuil mé i mo shuí go deas teolaí i measc cairde sa Sráidbhaile Domhanda.

Munar fíor gur domhan é "nach bhfuair Gall inti réim go fóill", mar a dúirt Art Mac Cumhaidh, níl sna stáisiúin Bhéarla ach sciar den rogha iontach atá agam.

Tugaim domhanchiall nó "globalism" ar an chomhcheangal sin idir tíortha na cruinne agus samhlaím éagsúlacht agus meas ar éagsúlacht leis an téarma. Ní hionann ciall don téarma domhandú ná "globalisation".

READ MORE

Ó am go chéile, taispeántar sa nuachtán seo, go bhfuil an chuid seo d'Éirinn ar an stát is mó lena luaitear domhandú. Bunaítear an léig ar mhiosúir eacnamaíochta níos mó ná ar chinn chultúrtha ach, cogar, an bhfuil an cultúr neamhspleách ar thionchar na heacnamaíochta ná ar an pholasaí tionsclaíochta a shiúlann leis?

Braitheann sé ar an chiall atá leis an fhocal "cultúr" agat. An é atá i gceist agat litríocht, ceol, srl, nó an gcuimhníonn tú ar chiall na socheolaíochta, is é sin le rá, prionsabail agus luachanna saoil an phobail agus na nithe a chuireann in iúl iad?

Tógaimis an dara ciall ar dtús. Bhí an téarma "cultúr eagraíochta" faiseanta i measc bainisteoirí comhlachtaí 20 bliain ó shin agus ceapadh go bhféadfaí aigne agus croí na foirne a ghabháil ach an "cultúr" bheith ceart.

Déantaí aithris ar stíl comhlachtaí ar dúradh fúthu gur "cultúir láidre" iad agus bhí Digital Equipment Co (DEC as seo amach) - a raibh monarcha bhreá i mBaile Briota na Gaillimhe acu ar feadh i bhfad - ar cheann acu.

San am a raibh monarchana á dtógáil ar fud na cruinne ag DEC, ba ghnách leo bliain a chaitheamh ag déanamh cinnte go raibh cultúr na monarchan i gceart sula dtosnófaí ag táirgeadh aon cheo. Mar a tharlaíonn sé, bhí "tasc-chultúr" an chomhlachta fiúntach agus inghlactha.

Dúirt bainisteoir Meiriceánach amháin faoin mhonarcha úr i mBaile Briota: "You could walk out of Westminster, Massachussets, one day and into Galway the next and feel right at home."