Iarog o thuaidh

Tá iaróg (eile) teanga ó thuaidh. An iarraidh seo, is iad lucht na hUltaise atá ag tógáil clampair

Tá iaróg (eile) teanga ó thuaidh. An iarraidh seo, is iad lucht na hUltaise atá ag tógáil clampair. Ní raibh an Tiarna Laird den Bhoord Ulster-Scotch róthógtha le halt ar an Irish News.

Scríobh colúnaí de chuid an nuachtáin, Tom Kelly, gur "gibberish" a bhí san Ultais.
 Ní mó ná sásta a bhí an Tiarna Laird leis sin agus tá a ghearán déanta aige leis an Choimisiún Comhionannais. Cibé cén toradh a bheidh ar an ghearán, tá rud amháin cinnte, ní shaothróidh lucht Ultaise meas dá dteanga trí idirghabháil an Choimisiúin.