In ainm an athar agus an chontae

BEOCHEIST: Is mór an díol suime dom, ag an tráth seo bliana, sloinnte na n-imreoirí a bhíonn ag imirt i gcluichí craoibhe Chumann…

BEOCHEIST:Is mór an díol suime dom, ag an tráth seo bliana, sloinnte na n-imreoirí a bhíonn ag imirt i gcluichí craoibhe Chumann Lúthchleas Gael.

Ar chúis nach dtuigim tugann sé sásamh dom i gcónaí a fheiceáil ar pháirc na himeartha imreoirí agus sloinnte orthu a théann i bhfad siar sna contaetha as a dtagann siad. Is mar sin a bhí an scéal arís i mbliana, Súilleabhánaigh agus muintir Shé go líonmhar ar fhoireann Chiarraí.

Bhí duine amháin de shloinne uasal Uí Néill ar fhoireann sinsir Thír Eoghain agus bhí Niallach amháin eile ar fhoireann na mionúr.

Ar an fhoireann sinsir fosta, bhí Ó Dibhín agus Ó Gormlaigh, dhá shloinne a bhfuil stair fhada acu sa chontae sin agus cé nach mbaineann Mac Mathúna, Mac Meanman agus Mac Con Uladh go stairiúil le Tír Eoghain is fada siar a théann na sloinnte sin i gCúige Uladh.

READ MORE

Shíl mé le fada, óna dhealramh, gur ó chroílár Chúige Uladh captaen na foirne, Brian Ó Dúchair ach de réir Sloinnte Gael agus Gall is de bhunadh Shligigh na Dúcharaigh.

Bíodh nach fíor é faoin dá fhoireann a bhí i ngleic lena chéile sa chluiche ceannais peile i mbliana, tríd is tríd, is líomhaire na sloinnte Gaelacha atá ar na himreoirí i gCúige Uladh ná ar imreoirí sa chuid eile den tír.

An deighilt mhór idir an dá phobal ó thuaidh agus an doicheall ag sliocht na bplandálaithe roimh na cluichí Gaelacha ba chúis leis, is dócha.

Ach cá bhfios, leis an aeráid athmhuintearais atá ann anois, nach fada go bhfeicfear imreoirí óga den sloinne Paisley nó Poots ar fhoireann a gcontaetha i bPáirc an Chrócaigh.

Ach an bhfuil dul amú orainn as a bheith ag cur an oiread sin tábhachta le sloinnte?

Is léir ó na cláracha teilifíse agus suíomhanna Idirlín faoi chúrsaí ginealais go bhfuil suim ag líon mór daoine i stair a sloinnte agus gur mian leo iad a rianú siar chomh fada agus is féidir leo.

Caitear agus caitheadh mórchuid dua agus airgid ag cumadh géaga ginealaigh do dhaoine ar mhaith leo a cheapadh gur de shliocht uasal iad.

Is iomaí Éireannach sa 17ú agus sa 18ú haois a fuair pinsean ó rí na Spáinne nó rí na Fraince mar go raibh píosa páipéir aige mar chruthúnas gur de shliocht Niallach nó Dálach nó Brianach é.

Ach ní thugann sloinne ach cuid den eolas dúinn faoin dream ar díobh sinn.

Is ónár n-aithreacha a fhaighimid iad agus mar is eol dúinn ón stair ba mhinic sloinne ar dhuine nárbh é sloinne a athar é.

Cén ceart a bhí ag iarphríomhaire Thuaisceart Éireann, Terence O'Neill ar a shloinne? Banríon Shasana a thug cead dá shinsheanathair a shloinne a athrú ó Chichester go Ó Néill i 1853 nuair a fágadh talamh le huacht aige.

Ní fios cé mhéad eile a fuair cead ríoga an rud céanna a dhéanamh.

Murar choinnigh fear a bhean faoi ghlas i seomra níorbh fhéidir bheith 100 faoin gcéad cinnte gurbh é athair gach páiste a rugadh di agus níorbh annamh athair ag tabhairt a shloinne ar pháiste nár leis é.

B'fhusa go mór a chruthú cérbh í máthair dhuine ach siocair é bheith de nós ag mná sloinne a fear céile a thógáil agus an sloinne sin bheith ar a clann is beag cabhair atá le fáil ar thaifid oifigiúla chun eolas a thabhairt faoi shinsireacht mháthar.

Agus sin mar a bhí an scéal go dtángthas thart faoi 50 bliain ó shin ar DNA.

Maíonn na saineolaithe go bhféadfadh na trialacha atá déanta ar DNA pictiúr i bhfad níos cruinne a thabhairt dúinn faoi stair ár sinsir ná mar atá le fáil ó shloinnte i gcáipéisí oifigiúla.

Trí scrúdú a dhéanamh ar ribe gruaige, nó braon fola nó seile is féidir sinsireacht duine ar an líne athartha, nó ar an líne mháthartha, a rianú siar na mílte bliain.

Léiríonn suirbhé atá déanta ar DNA mhuintir an oileáin seo go réitíonn a bhfuil le foghlaim ón DNA ar an líne fhirinn a bheag nó a mhór lena bhfuil scríofa ag staraithe ach go bhfuil mórchuid eolais nua le foghlaim ó thrialacha DNA ar an líne bhaininn.

Níl an staidéar seo ach ina thús ach ní fios a mbeidh le foghlaim uaidh amach anseo faoinár sinsir. B'fhéidir go bhfuil sé in am tús a chur leis an nós sloinne na máthar, maraon le sloinne na máthar a chur ar thaifid oifigiúla, agus an dá cheann a thabhairt don chlann.

Dá mbeadh sloinne máthar gach imreora sa chluiche ceannais ar eolas nach ndéanfadh sé difríocht don phictiúr atá againn díobh?